Preasráitis
Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha um maolú tuile ag Gleann Fearna, Co. Liatroma
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Liatroma faoi Scéim Oifig na nOibreacha Poiblí um Mionoibreacha Maolú Tuile agus Cosaint Cósta. Faoin scéim, tá maoiniú €81,330 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) chun fásra a ghlanadh ó Abhainn Ghleann Fearna agus maoine ag Gleann Fearna a chosaint le claífoirt.