Fáiltíonn an tAire Ryan roimh an gcinneadh tarraingt siar ón gConradh um Chairt Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fáilte roimh an gcinneadh a rinne Comhairle na nAirí Fuinnimh, ag an gcruinniú dá cuid inné (Déardaoin an 30 Bealtaine), togra a ghlacadh le haghaidh an Conradh um Chairt Fuinnimh a fhágáil. Leagfar meamram faoi bhráid na Comh-Aireachta chun a mholadh go scríobhfadh Micheál Martin, an tAire Gnóthaí Eachtracha, chuig rúnaíocht an Chonartha um Chairt Fuinnimh chun í a chur ar an eolas faoin gcinneadh ó Éirinn tarraingt siar ón gConradh.
Dúirt an tAire Ryan:
"Mar a dúirt mé go poiblí roinnt mhaith uaireanta, níl an Conradh um Chairt Fuinnimh oiriúnach don fheidhm. Cé gur chuir Éire in iúl roimhe seo go bhfuilimid ag iarraidh an conradh a fhágáil, dúramar ó thús gur ghá dúinn déanamh amhlaidh ar bhealach comhordaithe leis na Ballstáit eile.
"Ag gníomhú di faoi stiúir ag oifigigh sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, rinne Éire caidreamh lenár gcomhpháirtithe uile eile san Aontas Eorpach maidir leis an mbealach is fearr chun é sin a dhéanamh. Tugtar tuilleadh nirt dúinn nuair a fhágaimid mar bhloc.
"Níl an Conradh um Chairt Fuinnimh ailínithe le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus, i ndáiríre, is bacainn ar aistriú cóir glas é. Ní féidir linn a bheith inár bpáirtí a thuilleadh i gconradh idirnáisiúnta lena gceadaítear do chuideachtaí fuinnimh an dlí a chur ar rialtais mar gheall ar bheartais a bhfuil mar aidhm leo aistriú chuig fuinneamh glan a bhaint amach, ar aistriú é a theastaíonn ón domhan."
CRÍOCH