Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh Thuarascáil ina léirítear an tionchar atá ag cláir scagthástála ailse
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly roimh fhoilsiú thuarascáil Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann (NCRI) a léiríonn go bhfuil cláir scagthástála ag cur le torthaí othar níos fearr d'ailse brollaigh, ceirbheacs agus cholaireicteach.
Léiríonn an tuarascáil ón NCRI go raibh cásanna ailse a braitheadh trí chláir scagthástála braite ar an meán i bhfad níos luaithe ná cásanna eile a diagnóisíodh.
Breathnaíonn Ailse brollaigh, ceirbheacs agus cholaireicteach 1994-2019: Treochtaí náisiúnta d'ailsí a bhfuil cláir scagthástála daonrabhunaithe acu in Éirinn ar mhinicíocht ailse, ar bhásmhaireacht, ar chéim agus ar mharthanas d'othair a ndearnadh diagnóis orthu le hailse brollaigh, le hailse ceirbheacs agus le hailse cholaireicteach. Tá cláir scagthástála daonra-bhunaithe ag na trí ailsí sin in Éirinn.
Léirítear sa tuarascáil:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cuirim fáilte roimh na rátaí feabhsúcháin d'ailse brollaigh, ceirbheacs agus cholaireicteach. Is údar misnigh é an chaoi a bhfuil diagnóis luath trínár gcláir scagthástála nasctha leis an bhfeabhas atá tagtha ar rátaí marthanais. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar infheistíocht ón Rialtas agus dóibh siúd a d'fhreastail ar a gcoinní scagthástála.
“Is cuid luachmhar dár seirbhís sláinte iad cláir scagthástála sláinte an daonra, a chinntíonn cóireáil agus cúram luath do go leor daoine, agus a fheabhsaíonn sláinte iomlán ár ndaonra. Feabhsóidh feasacht níos mó agus glacadh láidir lenár gcláir scagthástála rátaí marthanais níos mó. Is féidir le cláir scagthástála cuidiú le galar a aithint sula n-éiríonn sé contúirteach agus, trí é sin a dhéanamh, féadann siad idirghabhálacha a cheadú ar féidir leo galair a chosc agus a leigheas agus, dá réir sin, sláinte an náisiúin ar fad a fheabhsú.
“Níos tábhachtaí, ba mhaith liom spreagadh láidir a thabhairt do gach duine ar tugadh cuireadh dóibh freastal ar a gcoinne scagthástála é sin a dhéanamh. Tá sé ar cheann de na bealaí is fearr chun tú féin a chosaint ó ailse.”