Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 23 Samhain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 3,666* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 638 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 130 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá a fhios againn go bhfuil an leibhéal imní méadaithe go dtí na leibhéil a chonacthas go deireanach i mí Aibreáin i mbliana.
Tá a fhios againn go bhfuil an méid atáimid ag iarraidh ar dhaoine a dhéanamh chun scaipeadh an ghalair inár bpobail a chosc an-deacair. Má dhéanaimid uile ár míle dícheall d'fhéadfadh sé difríocht a dhéanamh.
Cuireann ár dtaighde in iúl dúinn go bhfuil daoine ag éisteacht leis an gcomhairle sláinte poiblí agus go bhfuil siad ag laghdú líon na ndaoine atá beartaithe acu bualadh leo, agus tá imeachtaí sóisialta á gcur ar ceal acu, chun a gcuid teagmhálacha a laghdú.
Sna seachtainí amach romhainn, dírigh ar na cúig ghníomh seo chun do riosca a laghdú agus tú féin agus do ghaolta a choinneáil slán:
1. Má tá siomptóim slaghdáin nó fliú ort aonraigh láithreach agus faigh tástáil PCR, ní tástáil antaigin
2. Cuir na daoine ar gá duit bualadh leo in ord tosaíochta
3. Buail le daoine eile lasmuigh agus oscail fuinneoga nuair atá sibh taobh istigh
4. Caith masc i gceart
5. Úsáid an tástáil cheart agus smaoinigh cad a chiallaíonn toradh na tástála
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
Tá staitisticí ar fáil anois ar Deais COVID-19
#Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionfhabhtú COVID19. Tá réimse póstaeir agus comharthaí ar fáil le híoslódáil ag gov.ie/layerup