Fógraíonn an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta roimh fhoilsiú tuarascála comhairliúchán phoiblí ar ar an athbhreithniú ar An tAcht Meabhair-Shláinte 2001
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, inniu roimh fhoilsiú thuarascáil na Roinne Sláinte ar chomhairliúchán poiblí ar an athbhreithniú ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001, á rá:
"Thug an comhairliúchán poiblí seo an deis do dhaoine a úsáideann ár seirbhísí meabhairshláinte agus a dteaghlaigh, iad siúd a oibríonn faoin Acht gach lá, agus príomhpháirtithe leasmhara eile, chun go gcloisfí a nguth agus tionchar díreach a bheith acu ar fhorbairt na reachtaíochta seo. Tugann an tuarascáil seo achoimre ar an aiseolas ón 100 aighneacht a fuarthas idir Márta agus Aibreán 2021. Aibhsíonn sé ríthábhacht an athbhreithnithe seo, ag cinntiú go ndéantar machnamh iomlán ar an réimse leathan dearcthaí agus tuairimí ar an Acht."
Dúirt an tAire Butler freisin, "Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine agus eagraíocht a thóg an t-am chun dul i mbun an chomhairliúcháin. Tá buíochas faoi leith ag dul dos na daoine aonair agus na grúpaí sin a chabhraigh le daoine a threorú agus a thacaigh leo tríd an bpróiseas chun aiseolas a chur isteach. Theastaigh uaim a chinntiú go n-éistfí le guth daoine aonair a bhfuil taithí saoil acu san athbhreithniú ar an Acht. Tríd is tríd, bhí an t-aiseolas a fuarthas go dtí seo thar a bheith luachmhar maidir le heolas a dhéanamh don dréachtreachtaíocht deiridh."
I mí Iúil 2021 cheadaigh an Rialtas An Bille um Scéim Ghinearálta Sláinte chun An tAcht Meabhair-Shláinte a leasú. Ag féachaint di i dtreo na chéad chéimeanna eile sa phróiseas, dúirt an tAire Butler ag deireadh a cuid cainte:
“Is tosaíocht mhór domsa agus do mo Roinn é leasú an Achta Meabhair-Shláinte ina iomláine. Táim ag súil go láidir go mbeidh an Bille réidh le tabhairt isteach san Oireachtas a luaithe is féidir i 2022.”
Meastar go dtosóidh Grinnscrúdú Réamhreachtaíochta ag Fochoiste an Oireachtais ar Mheabhairshláinte i mí na Samhna. Meastar go dtosóidh dréachtú Bille foirmiúil ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte roimh dheireadh 2021. Tá Tuarascáil na Roinne ar an gComhairliúchán Poiblí ar an Athbhreithniú ar An tAcht Meabhair-Shláinte ar fáil anseo , mar aon le cóipeanna de na haighneachtaí a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí.
CRÍOCH