Ionad Pobail agus Gnó Charcair na Leacht ar Inis Meáin oscailte go hoifigiúil ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus é ar chuairt ar Inis Meáin inniu d’oscail an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers an t-ionad nua pobail agus an gteic ag Carcair na Leacht. Chosain an t-ionad sa bhreis ar €550,000 lena fhorbairt agus cheadaigh a Roinn €517,292 nó 90% den chostas iomlán. Le linn a chuairte d’fhreastail sé ar imeachtaí ‘Inis Iron Meáin 2022’, rása bóthair cáiliúil a bhíonn ar siúl ar an oileán gach bliain.
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.13, 2.20, 2.22 agus 2.21 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a cheadaigh an Roinn deontas don Ionad Pobail ar Inis Meáin. Chomh maith lena bheith ag feidhmiú mar ionad pobail agus gteic, tá spás don naíonra agus spáis oifige ar fáil ann.
Ag oscailt an ionaid dúirt an tAire Chambers:
“Is údar sásaimh domsa go pearsanta a bheith in ann an tIonad seo a oscailt go hoifigiúil inniu agus tá luachair ar leith orm gur éirigh le mo Roinn tacú leis an obair. Tá éacht suntasach déanta ag Comhlacht Forbartha Inis Meáin i dtabhairt an áis iontach álainn seo go ceann scríbe, tréaslaím leo as an fhís a bhí acu, an dea-phleanáil agus an dea-obair a rinne siad. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin ar fad tá ionad pobail d’ardchaighdeán curtha ar fáil do phobal Inis Meáin a bheidh mar thacaíocht i gcur chun cinn gnó chomh maith leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach atá beo bríomhar ar an oileán a chaomhnú.”
Tá gteic Inis Meáin – Gréasán Digiteach na Gaeltachta – ag leathnú ar fud na Gaeltachta agus moil nuálaíochta á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta chun áiseanna agus spásanna oibre le rochtain idirlín ardluais a chur ar fáil do chianoibrithe chun filleadh ar an nGaeltacht. Forbraíodh an gteic seo trí chúnamh suntasach a cuireadh ar fáil ón RRDF. Tá gteic@Inis Meáin ar cheann de 10 mhol digiteach atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is áis iontach é an mol digiteach seo d’Inis Meáin. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe an oileáin agus spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an oileán nó gnó a bhunú ann. Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachta nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcianobair.”
Agus é ar Inis Meáin thug sé cuairt ar Choláiste Naomh Eoin áit a raibh searmanas crochadh Bratach ag na Gardaí. Tacaíonn a Roinn leis an gColáiste seo tríd an gciste ÁRAINN Gaeltachta, ciste ar fiú suas le €150,000 é thar tréimhse 3 bliana chun gur féidir le suas le 30 scoláire iar-bhunscoile in aghaidh na bliana scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal ar aon cheann den trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann.