An tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta ag ceiliúradh Lá Domhanda na Meabhairshláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Lá Domhanda na Meabhairshláinte á cheiliúradh inniu ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, TD.
Leagtar béim inniu, agus go deimhin Mí na Meabhairshláinte Domhanda, mí Dheireadh Fómhair, ar an meabhairshláinte. Soláthraíonn sé deiseanna breise chun feasacht a ardú maidir le meabhairshláinte, chun an stiogma a bhaineann le meabhairshláinte a laghdú agus chun an raon leathan seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine i bpobail ar fud na tíre a chur chun cinn.
Dúirt an tAire Butler
“cé go bhfuil i bhfad níos mó oibre le déanamh againn, tá éachtaí suntasacha déanta go dtí seo i mbliana chun meabhairshláinte dhearfach, idirghabháil luath, agus rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí meabhairshláinte a chur chun cinn do gach duine. Tá dul chun cinn ollmhór déanta i réimse na seirbhísí meabhairshláinte digiteacha. Sampla amháin is ea MyMind a sholáthraíonn comhairleoireacht ar líne saor in aisce, i 17 dteanga, do phobail ar fud na tíre. Faoi láthair déanann sé thart ar 4,000 coinne a sheachadadh gach mí”.
Mar chuid de straitéis dhigiteach mheabhairshláinte FSS, chuaigh sé i gcomhpháirtíocht le déanaí leis an gcuideachta dhigiteach sláinte, SilverCloud Health, chun teiripe iompraíochta cognaíoch digiteach a rolladh amach d'fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúlagar agus buairt in Éirinn mar iarracht tacaíocht mheabhairshláinte a chur ar fáil níos forleithne. Is féidir atreoruithe a dhéanamh ó Shíceolaíocht Cúraim Phríomhúil, ón tSeirbhís Náisiúnta Comhairleoireachta, ó Jigsaw agus ó Dhochtúirí Teaghlaigh ar fud na hÉireann, rud a chuireann ar chumas daoine rochtain a fháil ar thacaíochtaí riachtanacha laistigh de 24 uair an chloig tar éis a atreoraithe.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ar Shamhail Chúraim Mheabhairshláinte Imbhreithe FSS, a thacaíonn le riachtanais mheabhairshláinte na mban roimh, le linn agus tar éis toirchis. Soláthróidh infheistíocht bhreise, a fógraíodh an tseachtain seo, do cheathrar cnáimhseach breise agus comhairleoir amháin a rachaidh isteach sa líonra reatha de 21 cnáimhseach sinsearach a bhfuil saineolas acu i réimse na meabhairshláinte imbhreithe ar fud na 19 seirbhís mháithreachais. Is garsprioc shuntasach í an fhorbairt seo sa mheabhairshláinte chun a chinntiú go gcuirtear acmhainní agus forfheidhmiú iomlán ar fáil do na sainfhoirne meabhairshláinte a bhaineann leis an tsamhail cúraim seo, ionas gur féidir le mná ar fud na tíre rochtain a fháil ar na seirbhísí ríthábhachtacha seo. Tá gach post i bhfeidhm anois nó á earcú faoi láthair.
Dúirt an tAire Butler
“níos luaithe i mbliana, d’fhógair an Taoiseach €10 milliún i maoiniú aonuaire meabhairshláinte. Tá áthas orm a rá go bhfuil obair ar thionscnaimh faoin maoiniú seo á tabhairt chun críche againn, lena n-áirítear comharthaíocht feabhsaithe agus rochtain ar sheirbhísí agus ar thacaí meabhairshláinte atá ann cheana; tionscnaimh do leanaí, daoine óga agus mic léinn; agus freagraí síceasóisialta breise, ag aithint go mbeidh leibhéil éagsúla tacaíochta ag teastáil ó dhaoine”.
Tá obair ag dul ar aghaidh freisin ar fud na tíre chun líon na leanaí agus na ndaoine óga atá ag fanacht níos mó ná 12 mhí le rochtain a fháil ar shíceolaíocht cúraim phríomhúil a laghdú, lena n-áirítear trí fhoireann nua a earcú agus uaireanta seirbhíse méadaithe.
Dúirt an tAire Butler;
“Táim lántiomanta d'fheabhsú leanúnach na seirbhísí meabhairshláinte an bhliain seo chugainn a chinntiú, lena n-áirítear i réimsí mar thacaíochtaí lasmuigh de ghnáthuaireanta, CAMHS, na cláir chliniciúla náisiúnta meabhairshláinte, lena n-áirítear neamhoird itheacháin, agus go leor réimsí eile”.
CRÍOCH