Síneadh faoin scéim aolta á fhógairt ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go gcuirfear síneadh leis an dáta faoina gcaithfear aol a scaipeadh faoin gClár Náisiúnta Aolta. Mar gheall air sin, féadtar aol a ceannaíodh faoin scéim a scaipeadh faoin Aoine, an 28 Meitheamh 2024.
Dúirt an tAire McConalogue agus an cinneadh á fhógairt aige,
“Tuigim a dheacra a bhí sé d’fheirmeoirí aol a scaipeadh toisc an oiread fearthainne a bhí againn ó mhí Iúil seo caite. Chuir an fhearthainn uile isteach go mór ar chumas láimhseála tráchta na hithreach agus, dá bhrí sin, ar chumas na bhfeirmeoirí aol a scaipeadh. De thairbhe an tsínidh atá á fhógairt inniu, beidh feirmeoirí ábalta aol a scaipeadh nuair a bhíonn an talamh níos fearr. Is é an dáta deiridh chun aol a ceannaíodh faoin scéim a scaipeadh an 28 Meitheamh.”
Thug an tAire an Clár Aolta isteach in earrach na bliana 2023 chun an úsáid as aol mar oiriúntóir nádúrtha ithreach a dhreasú. Cuireann aol aigéadacht ithreach ina ceart, cuireann sé le hiontógáil cothaitheach na bplandaí agus cuireann sé sláinte na hithreach chun feabhais trí chéile. Cuireadh de bhreis ar 14,500 éileamh isteach faoin gClár Náisiúnta Aolta. Eisíodh réamhíocaíochtaí chuig feirmeoirí sna míonna deireanacha de 2023. Leis na híocaíochtaí a fháil, bhí an t-aol le ceannach faoin 7 Samhain 2023 ar a dhéanaí agus bhí an t-aol le scaipeadh faoin 31 Márta 2024. Tá síneadh curtha leis an dáta sin anois go dtí an 28 Meitheamh.
Cuirtear i gcuimhne d’fheirmeoirí go ndéanfar cúnamh a íocadh leo cheana féin a aisghabháil mura gcomhlíonann siad coinníollacha na scéime i dtaca le scaipeadh.
DEIREADH