Os cionn €1,000,000 bronnta ag Éire Ildánach ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine níos sine
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu bhronn an Clár Éire Ildánach €1,000,000 ar thionscadail chruthaitheacha a dhéanfaidh sláinte agus folláine daoine níos sine in Éirinn a fheabhsú agus iad ag teacht as an bpaindéim. Is cuid de chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach iad na tionscadail seo agus cuirfear i bhfeidhm i mbliana iad le comhpháirtithe náisiúnta Éire Ildánach agus údaráis áitiúla.
Ag labhairt faoin bhfógra dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Chuidigh réimse leathan clár Éire Ildánach maidir le gníomhaíochtaí cruthaitheacha do dhaoine níos sine go mór leis an uaigneas agus an scoiteacht a d'airigh daoine mar gheall ar an bpaindéim a mhaolú. Ní mór leanúint leis an obair thábhachtach seo mar go bhfuil a fhios againn go mbaineann daoine níos sine a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheachta caighdeán saoil níos airde amach le hais daoine an aois chéanna leo nach mbíonn páirteach".
Tá €500,000 bronnta ag Éire Ildánach ar an Mobile Music Machine chun 400 ceolchoirm a dhéanamh i dtithe cúraim cónaithe. Ó bhí 2020 ann bhí cuid de na ceoltóirí is clúití in Éirinn ar an stáitse leis an Mobile Music Machine le os cionn 1,000 ceolchoirm i dtithe cúraim ar fud na tíre. Faoi stiúir an dordveidhleadóra Gerald Peregrine, is mór an faoiseamh a thug na ceolchoirmeacha seo agus an lúcháir a bhaineann le ceol beo dóibh siúd a bhí scoite amach de bharr na paindéime.
Tá ríméad ar Éire Ildánach €560,000 a bhronnadh ar 16 thionscadal nua Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine a chuirfidh údaráis áitiúla ar fáil. Áirítear ar na tionscadail seo sobalchlár raidió a chruthú in Iarthar Chorcaí, scileanna lásadóireachta a fhorbairt i Seideanna na bhFear i gCeatharlach, gairdín pobail a chruthú i mBaile Átha Cliath Theas agus oibriú le ceamara analógach i gCorcaigh. Freagraíonn gach ceann de na 16 thionscadal a roghnaíodh do riachtanais ar leith na n-áitritheoirí níos sine i ngach dúiche.
Chun obair na n-oibrithe ar an líne thosaigh a cheiliúradh, cuirfidh Mobile Music Machine ceolchoirm cheiliúrtha speisialta i láthair le tacaíocht ó Éire Ildánach sa Cheoláras Náisiúnta ar an 15 Meitheamh 2022. Beidh ceolfhoireann 45 phíosa mar chuid den cheolchoirm leis an stiúrthóir David Brophy agus taispeántais ó go leor de na healaíontóirí a d’oibrigh le Mobile Music Machine le dhá bhliain anuas. Áirítear orthu Claudia Boyle, Emmet Cahill, Steve Cooney, Mary Coughlan, Jerry Fish, Red Hurley, Niamh Kavanagh, Séan Keane, Iarla Ó Lionáird, Simon Morgan agus eile. Beidh cór na nOibrithe ar an Líne Thosaigh agus cór idirghníomhach Age Friendly Ireland ar stáitse chomh maith.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach téigh chuig www.creativeireland.gov.ie
Áirítear ar Thionscadail na nÚdarás Áitiúil
Ceatharlach - Beidh Féile Ealaíon Cheatharlach ag obair le háitritheoirí níos sine ó Ráth Bhile, Baile Haicéid, Míseal agus an Ghráig chun dráma fuaime a fhorbairt a thabharfar chun beochta le beochana páipéir ghearrtha.
Ag cur leis an rath a bhí ar an dtionscadal Borris Lace by Post, déanfaidh na lásadóirí Ally Nolan agus Jules Michael gréasa lása nua a fhorbairt le háitritheoirí tithe cúraim agus leathnófar an tionscadail go baill de chuid Sheideanna na bhFear i gCeatharlach.
Cathair Chorcaí - Trí Leabharlann na gCeamaraí oibreoidh grianghrafadóirí níos sine Chlub Ceamaraí Chorcaí le ceamaraí éagsúla analógacha lena n-áirítear an box brownie, ceamaraí mionphoill, an super 8, ceamaraí scannáin dhubh agus bháin agus go leor eile de cheamaraí an 20ú cead a bhfuil eolas acu air. I gcroílár an tionscadail beidh Bailiúchán Ceamaraí Hermann Marbe a bronnadh ar an gcathair le go mbeadh grianghrafadóireacht níos inrochtana.
Contae Chorcaí - Oibreoidh Katie Holly, stiúrthóir agus léiritheoir, le grúpa de dhaoine níos sine chun sobalchlár Raidió 10 gcuid a chruthú agus déanfar é a thaifeadadh i mí Meithimh. Cinnfidh an grúpa féin cibé an mbainfear nó nach mbainfear úsáid as aisteoirí gairmiúla nó an dtapóidh siad féin an deis agus na páirteanna a dhéanamh iad féin.
Dún Laoghaoire/Ráth an Dúin - Cruthóidh Oifig Ealaíon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin taispeántas nua do dhaoine níos sine i gcomhar lena gcomhghleacaithe i nGailearaí na Lánaí Arda i nDroichead Átha, Co. Lú a dhíreoidh ar an saothar atá ina mBailiúcháin iontacha Bhardasacha. Óstálfaidh an dá ghailearaí imeachtaí agus ceardlanna mar chuid de na taispeántais a bheidh fáilteach agus dírithe ar dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, ar a gcuid teaghlach agus cúramóirí idir Meitheamh agus Meán Fómhair 2022.
Cathair na Gaillimhe - Dancing Memories - tionscadal cruthaitheach scannánaíochta i gcomhar a dhéanfaidh tallann cóiréagrafaí, déantóra scannán, beirt damhsóirí nua-aimseartha, cumadóra agus daoine níos sine an Bhaile Bháin a bhí ar an gcéad eastát tithíochta a thóg Comhairle Cathrach na Gaillimhe sna 1950idí a thabhairt le chéile.
Cill Chainnigh - Cuirfidh Knitted Together le chomh maith is a d’éirigh le tionscadail Knitted Together in 2020 agus 2021 a d’oibrigh le breis is 400 duine níos sine ar líne le linn na paindéime. Tabharfar cuireadh do na rannpháirtithe cearnóga do phluideanna a chniotáil agus a chróiseáil do charthanachtaí éagsúla ar fud an chontae. Tabharfar cuireadh do ghrúpaí nua amhail Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, Seideanna na bhFear, Cumann na gCúramóirí agus Ionad Oideachais Chill Chainnigh a bheith páirteach.
Liatrom - Déanfaidh The Sweeter the Tune triúr ealaíontóirí gairmiúla níos sine a choimisiúnú as an réigiún - Cathy Carmen (dealbhóireacht), Charlie McGettigan (ceol) agus John McDwyer (amharclann) chun saothar nua a chruthú agus oibriú le grúpaí de dhaoine níos sin.
Luimneach - Is é aidhm an tionscadail Musicians on Call ná sláinte agus folláine a chur chun cinn trí rochtain ar cheol beo do dhaoine leochaileacha níos sine a chur ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i dtithe altranais. Ceoltóirí gairmiúla a thug faoi thraenáil speisialaithe sular thosaigh siad sna ceolchoirmeacha a bheidh i mbun na gceolchoirmeacha seo sna tithe altranais éagsúla.
An Mhí - Le Tae, Comhrá agus Ceol, cruthóidh ‘Across the Miles’ nasc idir 16 teaghlach tríd an gceol, comhrá agus cuimhní cinn, beag beann ar an áit a bhfuil siad. Ag obair go díreach le sé Theach Altranais, cuirfidh Tae, Comhrá agus Ceol ceolchoirmeacha príobháideacha ar fáil atá leagtha amach go sonrach chun freastal ar riachtanais na gcónaitheiorí ag na ceoltóirí agus aisteoir ar cuairt.
Muineachán - Déanfaidh an tEalaíontóir Cónaithe Orlagh Meegan Gallagher The Memory of Water 3 a chruthú le hAmharclann Ealaíon Iontas i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin. Sholáthar Orlagh tionscadal den chineál sin cheanna i dtithe cúraim i gCarraig Mhachaire Rois agus i mBaile na Lorgan.
Uíbh Fhailí - Trí chlár de rannpháirtíocht chruthaitheach, ceardlanna, cainteanna agus taispeántais, tabharfaidh Intergenerational Futures daoine fásta níos sine agus daoine óga le chéile lena gcuid scéalta agus scileanna maidir lena bpobail féin, an nádúr, bia agus ceardaíocht a roinnt. Trí úsáid a bhaint as cur chuige STEAM, treoróidh na héascaitheoirí cruthaitheachta na rannpháirtithe i dtreo a bheith ina smaointeoirí cruthaitheacha.
Deisceart Bhaile Átha Cliath - Oibreoidh Mucking Around in the Mud le 30 duine níos sine atá ina gcónaí i bPáirc Chorcaí nó timpeall air le bheith rannpháirteach i dtionscadal cruthaitheach garraíodóireachta. Is é an aidhm atá leis ná oibriú ar fud rannóga agus cláir éagsúla laistigh de Chomhairle Contae Átha Cliath Theasa chun gairdín nua poiblí a chruthú chomh maith le scileanna nua a fhorbairt agus mórtas pobail.