Seolann an tAire Ryan comhairliúchán ar an gcéad chéim eile d’fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta in Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, comhairliúchán poiblí ar an dréachtleagan den dara Plean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP II).
Leagtar amach sa phlean sin straitéis na hÉireann dá bhfuil i ndán d’fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Tá an plean dírithe ar a chinntiú go sainaithneoimid na láithreacha is fearr do na teicneolaíochtaí cearta fuinnimh inathnuaite, ar mhaithe le tairbhí a ghiniúint ón acmhainneacht fhairsing atá againn maidir le fuinneamh inathnuaite a ghiniúint ónár bhfarraigí.
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an dréachtleagain de OREDP II, dúirt an tAire Ryan:
"Tairgeann gaoth, tonnta agus taoidí na hÉireann ollfhoinsí glana inbhuanaithe fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Chun leas a bhaint as an bhfuinneamh sin chun tairbhe do chách, is gá dúinn a chinntiú go gcuirfimid na teicneolaíochtaí cearta fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sna háiteanna cearta.
"Tá an Plean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP II) ar cheann amháin de na príomh-bhunchlocha atá á gcur ar aghaidh ag an Rialtas anois ar mhaithe leis an uaillmhian atá againn toilleadh hidrigine glaise 2 GW agus toilleadh snámhach fuinnimh 30 GW a fhorbairt faoin mbliain 2030.
"Mholfainn go gach duine, go háirithe iad sin i bpobail chósta agus oileáin, páirt a ghlacadh sna himeachtaí comhairliúcháin ar líne nó i bpearsa. Is spás comhroinnte é an limistéar muirí, agus ba mhaith linn cluinstin ó na daoine uile a bhfuil spéis acu inár bhfarraigí. Beidh ról tábhachtach ag an dóigh a bpleanálfaimid don fhorbairt seo maidir lena chinntiú go soláthrófar tairbhí do chách."
Is é an Córas Marthanach ár bhfís fhadtéarmach d’fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Cinnteoidh an Stát go ngnóthóidh gach duine na tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a bhaineann le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta. Áirítear leis sin OREDP II a úsáid chun na teicneolaíochtaí cearta fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a roghnú lena n-úsáid sna háiteanna cearta. Tá OREDP II ar cheann amháin de na heilimintí den Chóras Marthanach a fhorbairt. Áirítear leis an obair sin freisin Beartas maidir le Hidrigin agus Beartas maidir le hIdirnascairí a fhorbairt agus Measúnacht Eacnamaíoch a dhéanamh.
Tá comhairliúchán poiblí ar an dréachtleagan de OREDP II ar oscailt le haghaidh aighneachtaí anois suas go dtí an 20 Aibreán 2023 ar [external-link www.Gov.ie/OffshoreEnergyPlan | www.Gov.ie/OffshoreEnergyPlan ]
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, cuirfear sraith imeachtaí ar líne, imeachtaí for-rochtana poiblí agus imeachtaí ceardlainne i bpearsa do gheallsealbhóirí ar siúl ar fud pobail chósta in Éirinn thar na seachtainí atá romhainn chun feasacht a mhúscailt ar OREDP II. Chun amharc ar an liosta iomlán imeachtaí agus chun sonraí clárúcháin a fháil, téigh chuig
www.Gov.ie/OffshoreEnergyPlan. Beidh spás teoranta ar fáil ag na himeachtaí do gheallsealbhóirí agus tá sé riachtanach clárú dóibh roimh ré. Tar éis an próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur i gcrích agus na haighneachtaí uile a bhreithniú, déanfar an dréachtleagan de OREDP II a thabhairt chun críche agus a fhoilsiú i samhradh na bliana 2023.
Is trí dhá chéim de thionscadail a sholáthrófar toilleadh 5 GW de ghaoth amach ón gcósta faoin mbliain 2030:
1. Céim 1 – rinne an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Toilithe Limistéir Mhuirí a dheonú do na tionscadail seo i mí na Nollag 2022, agus tá siad incháilithe anois chun páirt a ghlacadh sa chéad cheant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite Amach ón gCósta (ORESS) agus dul i dteagmháil leis an mBord Pleanála.
2. Céim 2 – ceanglófar ar na tionscadail seo an bhearna maidir le toilleadh 5 GW a bhaint amach faoin mbliain 2030 a líonadh. Foilseofar Ráiteas Beartais Chéim 2 go luath, rud ina leagfar amach na critéir incháilitheachta agus na hamlínte.
CRÍOCH
Gealladh i gClár an Rialtais 2020 sprioc a shaothrú chun toilleadh suiteáilte 5 GW de ghaoth amach ón gcósta a bhaint amach i limistéar muirí na hÉireann faoin mbliain 2030. Dearbhaíodh an sprioc sin sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, agus is gá í a chomhlíonadh chun ceann amháin de na spriocanna atá sa leagan nuashonraithe den Phlean Gnímh don Aeráid 2023 a bhaint amach, is é sin gur ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a thiocfaidh suas le 80% de leictreachas na hÉireann faoin mbliain 2030.
Tá an dréachtleagan de OREDP II agus na tuarascálacha measúnachta timpeallachta a ghabhann leis ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag www.Gov.ie/OffshoreEnergyPlan.
Chun ár ngealltanais fuinnimh agus aeráide a chomhlíonadh, ní mór dúinn sainaithint a dhéanamh ar na limistéir dár bhfarraigí atá ar na limistéir is cuí d’fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta.
Leagtar amach sa dréachtleagan de OREDP II na critéir a bheartaítear a úsáid chun na limistéir bharrmhaithe sin a shainaithint, ar a dtugtar Mórlimistéir Leasa. Cinnteoidh sé sin go bpleanálfaimid chun na teicneolaíochtaí cearta a úsáid sna háiteanna cearta. Is ionann na Mórlimistéir Leasa agus limistéir mhóra de spás muirí na hÉireann a sainaithníodh a bheith oiriúnach, ón taobh teicniúil de, d’fhorbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta mar chuid den mheasúnacht a rinneadh do OREDP II.
Tar éis tuilleadh anailíse a dhéanamh, beachtófar na Mórlimistéir Leasa ina limistéir gheografacha níos lú sula n-ainmneofar go foirmiúil iad le haghaidh forbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta sa todhchaí. Is féidir go mbeidh measúnachtaí timpeallachta nó eacnamaíocha agus comhairliúchán le geallsealbhóirí i gceist leis an anailís sin.
Chun na limistéir sin a ainmniú go foirmiúil le haghaidh fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta, beidh sé riachtanach Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a fhorbairt faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Is pleananna spáis reachtúla réigiúnacha le haghaidh fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a bheidh sna pleananna sin, agus úsáidfear iad mar bhonn do chinntí pleanála amach anseo. Beidh siad faoi réir measúnacht timpeallachta agus beidh ról ag an bpobal maidir lena n-ullmhú.
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gnímh don Aeráid 2019, agus é ar an gcéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Tagann sé sna sála ar na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a tugadh isteach ar fud an gheilleagair ar fad sa bhliain 2022.
Leagtar gníomhartha ar fud roinnt réimsí amach sa phlean, lena n-áirítear gníomhartha i sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair: