Seolann an Chartlann Náisiúnta Leabhar Comórtha agus Taispeántas an Chonartha ar Camchuairt Réigiúnach Timpeall na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rachfar ar camchuairt timpeall na hÉireann le taifid ó thaispeántas Chonradh, 1921: Taifid ón gCartlann tar éis tréimhse ceithre mhí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, áit ar cuireadh an Conradh Angla-Éireannach 1921 ar taispeáint go poiblí den chéad uair i stair an Stáit. Tar éis rath an taispeántais, sheol an Chartlann Náisiúnta, i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, eagrán teoranta de leabhar cuimhneacháin ‘An Conradh, 1921: Taifid ón gCartlann’ .
Déanann an taispeántas seo comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach (6 Nollaig 1921) agus rachfar ar camchuairt leis i gCill Mhantáin, Tiobraid Árann, Dún na nGall, Loch Garman, Luimneach agus Corcaigh idir mí Aibreáin agus Iúil 2022. Cuireann an Chartlann Náisiúnta an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Acadamh Ríoga na hÉireann agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le taifid ó bhailiúcháin na Cartlainne Míleata agus ó Chartlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Tá acmhainn foghlama do scoileanna forbartha freisin agus beidh sé ar fáil do mhúinteoirí meánscoile agus do dhaltaí meánscoile ón mí seo chugainn.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Mar Aire le freagracht as Clár Comórtha an Stáit, táim tiomanta don tréimhse chasta seo dár gcuid staire a chomóradh ar bhealach cuí agus fiúntach. Is cúis áthais dom mar sin go gcuirfidh an leabhar seo, ina ndéantar comóradh ar idirbheartaíocht an Chonartha agus síniú deiridh an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1921, lenár dtuiscint ar an tréimhse seo inár gcuid staire agus go ligfidh taifid bhunaidh i mbailiúcháin na Cartlainne Náisiúnta dúinn machnamh níos fearr a dhéanamh ar na cinntí deacra a rinneadh an tráth sin agus tuiscint níos fearr a fháil orthu”.
Ag seoladh an leabhair agus ag fógairt chamchuairt réigiúnach Chonradh, 1921: Taifid ón gCartlann, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
"Tá lúcháir orainn an foilseachán iontach seo a sheoladh. Sa leabhar maisithe seo, atá bunaithe ar an taispeántas bunaidh, scrúdaítear idirbheartaíocht agus síniú an Chonartha ag an toscaireacht Éireannach a thaistil go Londain i mí Dheireadh Fómhair 1921, agus an t-eispéireas a bhí acu ó lá go lá i Londain agus an idirbheartaíocht ag teacht chun críche. Déantar é sin trí fhéachaint ar an taifead doiciméadach a d’fhág siad ina ndiaidh, cuid mhaith de a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus i gcartlanna eile in Éirinn. Dúnfar an taispeántas ar a bhfuil an leabhar seo bunaithe an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath agus rachaidh sé ar camchuairt ansin i sé chontae ar fud na hÉireann sna míonna atá romhainn. Tá lúcháir orm, in éineacht leis an turas fíorúil, go mbeidh teacht ag daoine ar fud na tíre agus níos faide i gcéin ar an taispeántas tábhachtach seo.”
Ag labhairt dó ag an ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu freisin, dúirt Maurice Manning, Cathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairligh do Chuimhneacháin Chéad Bliain:
“Tugtar léargas níos fearr ná riamh ar dhaonnacht idirbheartaíocht an Chonartha sa taispeántas seo trína raon leathan doiciméad, grianghraf agus nuachtscannán agus déantar é sin ar bhealach a thaispeánann na scéalta pearsanta, na pearsantachtaí, an teannas, an dóchas agus an t-easaontas go léir a bhí ann. Cuireann sé go mór lenár dtuiscint ar cheann de na seachtainí is tábhachtaí i stair na tíre. Tá ríméad orm go rachfar ar camhchuairt régiúnach leis an taispeántas anois”.
Scríobhadh an leabhar i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Tá bailiúchán de na taifid ar fad ó 1921 atá sa taispeántas le feiceáil sa leabhar. Tá sé ar fáil ó Acadamh Ríoga na hÉireann agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre
Ta turas fíorúil ar fáil chomh maith ar www.nationalarchives.ie
Cuirtear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.
Eolas faoin Taispeántas
Cuireann an Chartlann Náisiúnta taispeántas i láthair a thugann áit lárnach don Chonradh agus a léiríonn ról na Cartlainne mar stór oifigiúil thaifid an Stáit, céad bliain ó bunaíodh é. Taispeánfaidh Conradh, 1921: Taifid ón gCartlann taifid shuntasacha stairiúla, cáipéisí oifigiúla agus páipéir phríobháideacha den chéad uair, lena n-áirítear an chéad chur i láthair poiblí taobh le taobh de chóipeanna Éireannacha agus Briotanacha den Chonradh.
Ag baint úsáide as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta, cuireann Conradh 1921: Taifid ón gCartlann idirbheartaíocht an Chonartha i gcomhthéacs polaitiúil réabhlóid na hÉireann agus saol a chuir an Chéad Chogadh Domhanda agus cúrsaí a tharla ina dhiaidh sin trí chéile. Ag tosú leis na réamhchainteanna idir Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, agus Príomh-Aire na Breataine David Lloyd George i rith samhradh 1921, tugtar léargas ann ar obair lánchumhachtaigh na hÉireann agus a rúnaíocht, tríd an taifead faisnéise a d’fhág siad ina ndiaidh a chur i láthair.
Tugann an taispeántas léargas freisin ar an saol ó lá go lá i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann, ó chóisírí, dinnéir, drámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, go dtí na laethanta agus na huaireanta deiridh ag druidim le síniú an Chonartha tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921. Mar bhuille scoir, tugann sé léargas ar fhilleadh na toscaireachta ar Bhaile Átha Cliath, agus ar chruinniú Comh-Aireachta Dháil Éireann a léirigh an scoilt sa ghluaiseacht neamhspleáchais a tháinig chun cinn faoi théarmaí an Chonartha, agus na deighiltí a mbeadh an Cogadh Cathartha mar thoradh orthu.
Eolas faoin gCartlann Náisiúnta
Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta chun taifid phoiblí na hÉireann a bhailiú, a bhainistiú agus a chaomhnú, ag cinntiú go bhfuil siad ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
I measc a chuid bailiúchán tá ceann de na doiciméid is cáiliúla i stair na hÉireann: Conradh Angla-Éireannach 1921. Ba chuí go ndéanfadh an Chartlann Náisiúnta comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh trí thaispeántas mór de thaifid a chur i láthair a bhí ina seilbh a bhaineann le hidirbheartaíocht agus síniú an Chonartha ag an toscaireacht Éireannach a thaistil go Londain i mí Dheireadh Fómhair 1921. Cuirfear an Conradh i gcroílár an chur i láthair agus taispeánfar cáipéisí suntasacha ó bhailiúcháin an Chartlann Náisiúnta go poiblí den chéad uair.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na dátaí agus na háiteanna a mbeidh an taispeántas réigiúnach ar siúl, féach ar www.nationalarchives.ie
Eolas faoin Leabhar
Tar éis rath iontach thaispeántas Chonradh 1921: Taifid ón gCartlann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, seoladh eagrán teoranta de leabhar maisithe i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar an tréimhse shuntasach seo inár gcuid staire agus fógraíodh go rachfar ar camchuairt náisiúnta leis an taispeántas sna míonna atá romhainn.
Tá an Conradh Angla-Éireannach a síníodh i mí na Nollag 1921 ar cheann de na cáipéisí is tábhachtaí i nua-stair na hÉireann. Conas a chuathas i mbun idirbheartaíochta faoi? Cé a shínigh é? Conas a bhí an saol don toscaireacht Éireannach a chuaigh go Londain chun é thabhairt chun críche? Tugann leabhar ina bhfuil léaráidí breátha, a d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann i gcomhpháirtíocht leis an gCartlann Náisiúnta, léargas ar shaol na dtoscairí le linn na seacht seachtaine cinniúnacha sin in 1921, agus conas a dréachtaíodh an Conradh.
Chuir John Gibney (Acadamh Ríoga na hÉireann) agus Zoe Reid (An Chartlann Náisiúnta) an leabhar seo in eagar agus baineadh úsáid bunfhoinsí ón gCartlann Náisiúnta chun é a scríobh ina ndéantar cur síos ar an saol laethúil i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann. Déantar cur síos ar chóisirí, dhinnéir, dhrámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, mar aon le miontuairiscí, meamraim, dréachtaí agus litreacha idir Baile Átha Cliath agus Londain, agus na laethanta agus na huaireanta deiridh ag druidim le síniú an Chonartha tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921.
Eolas faoi na hEagarthóirí
Is Eagarthóir Cúnta é John Gibney ar shraith Documents on Irish Foreign Policy (DIFP) de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (BA, PhD) é, agus bhí sé ina chomhalta iardhochtúireachta in Ollscoil Notre Dame agus in OÉ Gaillimh. D’oibrigh sé go forleathan sa turasóireacht agus in earnáil na hoidhreachta agus na foilsitheoireachta agus tá go leor scríofa aige ar nua-stair agus ar staireagrafaíocht na hÉireann. Scríobh sé (le Kate O’Malley) The Handover: Dublin Castle and the British withdrawal from Ireland, 1922 (Royal Irish Academy, 2022).
Is Coimeádaí na Seirbhísí agus na mBailiúchán Poiblí sa Chartlann Náisiúnta í Zoë Reid. Is caomhnóir creidiúnaithe í agus bhunaigh sí an Roinn Chaomhnaithe i gCartlann Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 2002. Bhí sí freagrach as caomhnú fadtéarmach an bhailiúcháin náisiúnta a chosaint agus as rochtain shábháilte an phobail ar na cartlanna a chinntiú. Tá a cuid oibre á cur i láthair aici ag comhdhálacha idirnáisiúnta le 20 bliain anuas agus tá ailt foilsithe go forleathan aici in irisí caomhnaithe.
Eolas faoin Turas Réigiúnach - Dátaí agus Ionaid
Údarás Áitiúil | Ionad | Dátaí |
Comhairle Chontae Chill Mhantáin | Leabharlann agus Cartlann Chill Mhantáin, Baile Chill Mhantáin | 25 Aibreán – 17 Bealtaine 2022 |
Comhairle Chontae Thiobraid Árann | Source Arts Centre, Bóthar na hArdeaglaise, Durlas | 3 – 31 Bealtaine 2022 |
Comhairle Chontae Dhún na nGall | Músaem Chomhairle Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceannain | 5 – 31 Bealtaine 2022 |
Comhairle Chontae Loch Garman | Comhairle Chontae Loch Garman, Halla an Chontae, An Charraig Leathan, Loch Garman | 23 Bealtaine – 10 Meitheamh 2022 |
Comhairle Chathair Chorcaí | Eaglais Naomh Peadar, an Phríomhshráid Thuaidh, Corcaigh | 9 Meitheamh – 5 Iúil 2022 |
Comhairle Chontae agus Chathair Luimnigh | Foirgnimh Chomhairle Chontae agus Chathair Luimnigh, Cé na gCeannaithe (Halla Istabraq) | 9 – 30 Meitheamh 2022 |
Eolas faoin Acmhainn Oideachais
Cruthaíodh an Acmhainn Oideachais i gcomhar leis an Roinn Oideachais. Dearadh é mar uirlis theagaisc agus foinse thánaisteach gur féidir le hoideachasóirí dara leibhéal a úsáid sa seomra ranga. Tá an acmhainn teagaisc bunaithe ar thaifid an Chonartha sa Chartlann Náisiúnta agus tá na rudaí seo a leanas ina measc: