Tosaíodh ar 18,000 teach nua a thógáil i mí Aibreáin
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla inniu ar líon na bhFógraí Tosaithe (tosuithe tógála cónaithe) d’Aibreán 2024. I measc na mbuaicphointí tá:
• Léiríonn na sonraí méadú tobann suntasach i ngníomhaíocht, agus cuireadh tús le 18,182 teach i mí Aibreáin amháin, méadú 605% ar an tréimhse chéanna in 2023.
• Is é sin an figiúr is airde go mór fada atá le feiceáil in aon mhí ó thosaigh an tsraith in 2014 (b’ionann an figiúr míosúil ab airde riamh roimhe agus 4,969 i mBealtaine 2021).
• Go dtí seo in 2024 (Eanáir go hAibreán), tá tús curtha le tógáil 30,138 teach nua – méadú 204% ar an tréimhse chéanna ceithre mhí de 2023. Is ionann an figiúr sin do na ceithre mhí sin de 2024 agus 92% den iomlán (32,801) don bhliain 2023 ar fad.
• Le 12 mhí anuas (Bealtaine 2023 go dtí Aibreán 2024), tá tús curtha le tógáil 53,011 teach.
Agus é ag trácht ar na figiúirí agus ar an dul chun cinn atá déanta, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D.:
“Ní fhacamar riamh tosuithe tí nua ag an leibhéal seo, agus tá líon mhí Aibreáin thar a bheith suntasach. Go deimhin, go dtí seo in 2024, ar an meán tá tús curtha le tógáil ar thart ar 350 teach nua gach lá oibre. Tá sé soiléir go leor gur chabhraigh an tarscaoileadh an tobhaigh forbartha agus aisíoc táille nasctha Uisce Éireann, a tugadh isteach anuraidh, chun tuilleadh gníomhaíochta a bhrostú agus go bhfuil go leor tionscadail eile inmharthana dá bharr, agus bhí áthas orm faomhadh na Comh-Aireachta a fháil le déanaí chun an dá cheann sin a leathnú.
“Cé go bhfuil na huimhreacha sin níos mó ná mar a bhí riamh, beidh siad ag athrú saoil freisin don iliomad cónaitheoirí nua a bhainfidh leas as na tionscadail sin nuair a bheidh siad críochnaithe. Gné thábhachtach de leanúint leis an tarscaoileadh ná an coinníoll go mbeadh na tithe críochnaithe faoi dheireadh 2026. Tá difríocht shuntasach á déanamh ag ár n-idirghabhálacha, agus leanfaimid ag úsáid gach uirlis atá ar fáil dúinn chun cur leis an móiminteam sin.”
As na 18,182 aonad ar cuireadh tús leo i mí Aibreáin 2024, is áiteanna cónaithe scéime iad 47%, is árasáin iad 45%, agus baineann 8% le haonaid aonuaire.
As na háiteanna cónaithe ar cuireadh tús leo an mhí seo caite, bhí 33% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó aonad (2,656) agus Cathair Chorcaí (2,394) agus Fine Gall (1,500) ina dhiaidh sin.
Seachas Muineachán (a raibh méadú suntasach 85% ann fós), tá méadú faoi dhó ar a laghad (méadú níos mó ná 100%) tagtha ar na húdaráis áitiúla ar fad ar na tosuithe ó Aibreán 2023 go hAibreán 2024, agus tháinig méadú níos mó ná 10 n-uaire ar roinnt acu.
Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosuithe iomlán ag: Staitisticí Gníomhaíochta Tógála.