Fógraíonn an tAire Hackett foilsiú Staitisticí Foraoise Éireann 2023
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, foilsiú Thuarascáil Bhliantúil Staitisticí Foraoise 2023 na Roinne . Ullmhaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Tuarascáil seo go bliantúil agus soláthraíonn sí cnuasach bliantúil ar staitisticí ar fhoraoisí, ar an gcomhshaol agus ar earnáil na foraoiseachta in Éirinn.
Ag seoladh na tuarascála, dúirt an tAire Hackett,
“Tugann an tuarascáil bhliantúil seo staitisticí foraoiseachta iontaofa, cothrom le dáta le chéile, atá úsáideach do mo Roinn agus do pháirtithe leasmhara foraoise araon, chomh maith le bheith tábhachtach do riachtanais tuairiscithe idirnáisiúnta na hÉireann maidir le foraoisí agus foraoiseacht”.
Maidir leis na torthaí féin, dúirt an tAire
“Níos luaithe i mbliana sheol mo Roinn an Fardal Foraoise Náisiúnta do 2022 a shonraíonn go bhfuil ár n-eastát foraoise fós ag méadú ag 11.6% den achar talún iomlán. I 2022 cruthaíodh 2,273 ha breise d’fhoraoisí nua. Cé go mbeidh na foraoisí nua seo a cuireadh in 2022 ina gcuid luachmhar dár n-eastát foraoise náisiúnta ar deireadh agus go mbeidh ról tábhachtach acu maidir le carbón a fhorlámhú, adhmad a sholáthar agus gnáthóga nua a chruthú, tá leibhéal plandála na bliana seo caite i bhfad faoi bhun an áit ar gá dúinn a bheith ar deireadh.
Táim lánchinnte go mbeidh an Clár Foraoiseachta nua €1.3 billiún ina bhuaicphointe d’fhoraoiseacht na hÉireann, agus creidim go scaoilfidh an Clár an poitéinseal don earnáil filleadh ar phlandáil 8,000 heicteár agus níos mó in aghaidh na bliana. Is é ceann de na treochtaí atá le feiceáil sa tuarascáil seo ná go raibh feirmeoirí ag cur formhór mór na bhforaoisí nua in Éirinn sna blianta is déanaí a sháraigh an sprioc 8,000 heicteár. Déanfaidh na tacaíochtaí atá curtha i bhfeidhm againn d’fheirmeoirí sa Chlár Foraoiseachta nua, le 20 bliain d’íocaíochtaí ar rátaí méadaithe idir 44% agus 66%, an fhoraoiseacht a athbhunú mar rogha réadúil le hionchorprú mar chuid den fhiontar feirme, agus an t-ardán a sholáthar don earnáil foraoiseachta chun oibriú le feirmeoirí chun an raon iomlán de chineálacha foraoise atá ar fáil sa Chlár seo a phlandáil.
Dúirt an tAire freisin,
“Tá áthas orm a fheiceáil gurb ionann limistéar comhréireach na gcrann leathanduilleach a foraoisíodh in 2022 agus 42% den fhoraoisiú ar fad. Táimid tar éis tuilleadh dreasachtaí a thabhairt d’fhoraoisí dúchasacha sa Chlár nua Foraoiseachta, le híocaíochtaí d’fheirmeoirí chun foraoisí dúchasacha a phlandáil anois ag €1,100 in aghaidh an heicteáir, gach bliain ar feadh 20 bliain, ionas gur féidir linn a bheith ag súil le méadú breise ar chomhréir na gcrann leathanduilleach i ngach bliain den Chlár nua.”
Ag labhairt faoi phróiseáil ceadúnas leagain;
“Le linn 2022, eisíodh ceadúnais leagain chun 25,044 ha a thanú agus glanleagan 23,009 ha. Is é seo an méid adhmaid is airde a taifeadadh riamh a ceadúnaíodh lena leagan in aon bhliain amháin. Tháinig méadú suntasach ar cheadúnais glanleagain a eisíodh san earnáil phríobháideach ó 8,278 heicteár in 2021 go 14,006 heicteár in 2022. Is ábhar misnigh é an méadú seo mar leagann sé béim ar bhainistiú gníomhach foraoise ó úinéirí foraoisí príobháideacha agus ceadaíonn sé freisin adhmad a shlógadh le haghaidh táirgí adhmaid bainte lena n-áirítear tógáil tithe.”
“Anois, táimid ag díriú ar an gClár Foraoiseachta nua €1.3 billiún a chur i bhfeidhm. Is é seo an Clár Foraoiseachta is mó agus is fearr a chuir Rialtas na hÉireann i bhfeidhm riamh agus mholfainn do gach feirmeoir breathnú go dáiríre ar na rátaí préimhe fíorfhlaithiúla atá ar fáil don chineál foraoise is fearr a oireann dá dtalamh agus dá bhfiontar feirme.”
CRÍOCH