Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 4 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 5 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,664 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin an 3 Meitheamh, cuireadh 38 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,142 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an 2 Meitheamh (25,104 cás):
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin an 4 Meitheamh) chun leanúint lena n-athbhreithniú ar fhreagairt agus ullmhacht na hÉireann maidir le COVID-19.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá tuilleadh dul chun cinn déanta i rith mhí na Bealtaine maidir le leathadh COVID-19 a chur faoi chois. Tá treocht anuas le feiceáil i líon na ndaoine a cuireadh san ospidéal, iontrálacha san ICU agus básanna tuairiscithe.
“Tá sé riachtanach cloí le hiompraíochtaí pearsanta sláinte poiblí (níochán lámh, fadú coirp, béasaíocht casachta/sraothartaí) chun borradh ionfhabhtuithe a sheachaint sa todhchaí."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Is ábhar misnigh é le roinnt seachtainí anuas a fheiceáil go bhfuil formhór mór na ndaoine ag obair le chéile chun cloí leis an treoir sláinte poiblí, agus scaradh sóisialta agus iompraíochtaí sláinteachais i bhfeidhm acu mar mhodh maireachtála nua. Tá an gníomh aonair agus comhchoiteann sin ríthábhachtach i gcónaí toisc nár athraigh an víreas ná an chaoi a scaipeann sé agus tá formhór mór na ndaoine fós so-ghabhálach."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;
“Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 0.4 agus 0.7 anois. Ní raibh tionchar diúltach ag maolú na srianta i gCéim a hAon ar an uimhir atáigthe a bheag nó a mhór a bhuíochas d’iompar comhchoiteann ár ndaonra chun borradh an ghalair a chosc."
Dúirt Liam Woods, Stiúrthóir Náisiúnta FSS na nOspidéal Géarmhíochaine:
“A bhuíochas d’iarrachtaí comhchoiteanna gach duine in Éirinn, tá córas cúram sláinte na hÉireann ag teacht slán ar an ndúshlán a chruthaigh an víreas seo ag tús na géarchéime seo. Ní mór dúinn coinneáil orainn leis an dea-obair chun a chinntiú go mbeimid ar an airdeall má thagann an dara borradh de COVID-19. "
CRÍOCH