Tháinig Uachtaránacht Phortaingéilis na Comhairle ar chomhaontú sealadach inniu le hidirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa maidir le hathchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) don tréimhse 2023-2027. Tá an comhaontú sealadach, ar feitheamh cead ó airí talmhaíochta an AE ag an gcruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh atá le teacht, a bheidh ar siúl Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn, 28ú agus 29ú Meitheamh. Mar ullmhúchán don chruinniú sin, déanfaidh an tAire agus a oifigigh staidéar ar mhionsonraí na dtograí nuair a chuirfidh an Uachtaránacht iad seo ar fáil. Caithfidh Parlaimint na hEorpa an comhaontú a dhaingniú go foirmiúil freisin.