Casann Airí le FAÉ maidir le buarthaí faoi láthair atá ann faoin earnáil mhuc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus tAire Stáit Martin Heydon, T.D., le FAÉ déanach Dé Máirt chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna leanúnacha atá i gceist san earnáil mhuc.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire McConalogue:
“Táim an-fheasach ar na dúshláin atá roimh ár n-earnáil mhuc agus táim ag oibriú chun cabhrú le tacú le teaghlaigh feirme agus lena ngnólachtaí a mhéid agus is féidir. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil an tionscal faoi bhrú agus ghníomhaigh mé féin, anuas ar an Aire Heydon agus an chuid eile den Rialtas, chun tacú le feirmeoirí muc i rith na tréimhse dúshlánaí seo.
“D’fhógair mé an Scéim Íocaíochta Eisceachtúla Muc (PEPS) le déanaí, a bhfuil ciste a mhéid le €7 milliún aige. Is é €20,000 an íocaíocht uasta faoin scéim seo. Tosaíodh le híocaíochtaí a eisiúint d’iarratasóirí. Chas mé freisin leis an earnáil bhaincéireachta maidir leis an gcás reatha.
“Chas mé freisin le Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ) maidir leis an bhféidearthacht ionstraim oiriúnach a fhorbairt le luaineacht sa mhargadh a bhainistiú.
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon:
“Bhí cumarsáid sheasmhach á déanamh againn trí Chruinniú Comhchéime na Muc agus idirchaidreamh déthaobhach le gach páirtí leasmhar i rith na tréimhse gan choinne seo ina bhfuil praghsanna íseal agus ardchostais ionchuir á mbaint amach.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Gabhaim buíochas le FAÉ as idirchaidreamh chomh cuiditheach sin a dhéanamh i rith na tréimhse an-deacra seo ar fheirmeoirí muc. Fuair mé an comhthogra do chistiú éigeandála a sheol FAÉ, an tionscal feola agus na cuideachtaí beatha ar aghaidh agus tá scrúdú dlúth á dhéanamh agam air. Gheall mé d’oibriú leis an earnáil le gach deis a fhiosrú le tacaíocht a chur ar fáil don tionscal an-tábhachtach seo.
“Bhí ár bhfeirmeoirí muc an-athléimneach go deo riamh anall, ach is maith a thuigim na dúshláin atá roimh an earnáil faoi láthair.”
ENDS