Casta ag an Aire McConalogue leis an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'óstáil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., cruinniú ar líne inniu idir an Fóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh (NIFF) le hionadaithe ón tionscal, ionadaithe a ghlaoigh isteach ó ar fud chósta na tíre.
Bliain thar a bheith crua a bhí inti don earnáil cois cladaigh ó thaobh trádála de i bhfianaise go raibh príomh-mhargaí sheirbhísí bia na hearnála sin san Eoraip ar chuid de na margaí is mó a cuireadh isteach orthu de bharr shrianta COVID-19. Thug an tAire le fios, "Ina gcáil mar oibrithe riachtanacha, bhí iascairí ábalta leanúint de bheith ag tabhairt bia mara i dtír. Ach, tuigim, áfach, go bhfuil tionchar suntasach fágtha ar thrádáil bia mara na hÉireann de bharr go bhfuil óstáin agus bialanna ar fud na hEorpa dúnta ar feadh i bhfad agus go bhfuil srianta curtha i bhfeidhm orthu."
Rinne an NIFF cuir i láthair ar na dúshláin a thug iascairí cois cladaigh aghaidh orthu chun tacaíochtaí airgeadais a fháil agus ar na deiseanna ar mhaith leis an earnáil an leas is mó a bhaint astu sa todhchaí. Mhol an tAire don earnáil cois cladaigh cur leis an bhforbairt ar Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2021-2027.
Leag an NIFF béim chomh maith ar mheabhairshláinte agus ar fholláine iascairí le linn an chruinnithe, agus béim ar leith ar an imní atá tagtha chun cinn de bharr na paindéime, imní faoi airgeadais, sláinte agus cuimsiú sóisialta.
Mol an tAire McConalogue an NIFF as deis labhartha atá tugtha don iomaí duine ar mhaith leis an strus a bhraitheadar ó thosaigh an paindéim a chur in iúl. Dúirt sé, "I bhfianaise an neamhchinnteachta atá i gceist leis an dá dhúshlán a bhaineann leis an mBreatimeacht agus le Covid ní nach ionadh go bhfuil imní ar go leor daoine. Tuigim féin go maith chomh dlúth agus a sheasann pobail le cósta na tíre seo le chéile agus creidim go mór go bhfuil an teacht aniar iontu an ceann is fearr a fháil ar an tréimhse dheacair seo. Leanfaidh mé de bheith ag obair leis an Rialtas chun na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach d'earnáil bia mara na tíre agus muid ag díriú ár n-aghaidh ar an todhchaí."
Nótaí d’eagarthóirí:
Cuirtear comhairle, eolas agus tacaíocht ar fáil ar láithreán gréasáin Éire Shláintiúil an Rialtais i dtaobh roinnt ábhair, lena n-áirítear, aire a thabhairt do do ghiúmar, bia folláin a ithe, tú féin a choinneáil gníomhach, fanacht i dteagmháil le daoine eile agus páirt a ghlacadh i nithe cruthaitheacha.
I measc na n-ábhar a gclúdaítear ar www.yourmentalhealth.ie Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tá:
• Nithe a cheart a dhéanamh chun tacú le cúrsaí meabhairshláinte,
• Comhairle phraiticiúil maidir le cúnamh a thabhairt do dhuine a bhfuil cúrsaí meabhairshláinte ag cur isteach air,
• Comhairle i dtaobh déileáil le cúinsí deacra a d'fhéadfadh cur isteach ar chúrsaí meabhairshláinte, agus
• Cúnamh a fháil i dtaobh saincheisteanna meabhairshláinte práinneacha.
Tá Lámhleabhar Sláinte d'Iascairí, curtha i dtoll a chéile ag BIM ina bhfuil comhairle phraiticiúil le fanacht folláin amuigh ar an bhfarraige agus ar thalamh tirim. Tá an lámhleabhar aistrithe chuig chúig theanga éagsúla. Tá an lámhleabhar faighte ag breis is 3,000 iascaire in Éirinn go dtí seo.
CRÍOCH