Comhairliúchán poiblí ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta seolta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Roinn Sláinte comhairliúchán poiblí inniu maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta thar ceann an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta.
Is Coimisiún neamhspleách é an Coimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta atá bunaithe ag an Rialtas. Is é an tOllamh Alan Barrett (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta) atá ina chathaoirleach air agus tá saineolaithe neamhspleácha ann.
Tá breithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus ar na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do dhaoine scothaosta ar fud an chontanaim chúraim chun a n-éifeachtacht, a leordhóthanacht agus a n-éifeachtúlacht a mheasúnú maidir le freastal ar riachtanais chúraim athraitheacha daoine aosta i gcomhthéacs daonra atá ag dul in aois.
Cuirfidh an comhairliúchán poiblí ar chumas an Choimisiúin foghlaim faoi thuairimí an phobail maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, chomh maith le tacaíochtaí do dhaoine scothaosta in Éirinn. Cuireann an suirbhé comhairliúcháin phoiblí bealach ar fáil do dhaoine chun a dtuairimí a roinnt maidir le láidreachtaí na seirbhísí reatha agus maidir le réimsí atá fós le feabhsú. Cuirfidh na tuairimí a chuirfear in iúl bonn eolais faoi phlé an Choimisiúin agus faoina moltaí maidir le forbairt na seirbhísí agus na dtacaíochtaí sin amach anseo.
Agus é ag cur fáilte roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí, dúirt an tOllamh Alan Barrett, Cathaoirleach an Choimisiúin:
"Tá lúcháir orm go bhfuil an comhairliúchán poiblí seolta ag an Roinn Sláinte inniu thar ceann an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta, agus mholfainn do gach duine a bhfuil suim acu sa réimse an suirbhé a chomhlánú. Tá sé ríthábhachtach a fháil amach cad a cheapann daoine aosta iad féin, chomh maith lena gcúramóirí, gairmithe cúraim sláinte agus an pobal i gcoitinne faoi sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta, chun a chinntiú go bhfuil ár moltaí bunaithe ar thaithí saoil na seirbhísí seo.”
Agus é ag seoladh an chomhairliúcháin agus á aithint mar chloch mhíle in obair an Choimisiúin, dúirt an tAire Donnelly:
"Tá sé ríthábhachtach éisteacht le guthanna daoine aosta, guthanna a dteaghlach, agus iad siúd a bhíonn ag plé go díreach leis an obair seo, laistigh dár seirbhís sláinte agus cúraim shóisialta chun a chinntiú go bhfuil obair an Choimisiúin bunaithe go hiomlán ar thaithí phearsanta daoine ar an raon seirbhísí agus tacaíochtaí a chuirtear ar fáil faoi láthair. Tugann an comhairliúchán poiblí deis do gach duine a bhfuil suim acu sa réimse seo aird a tharraingt ar shamplaí de dhea-chleachtas chomh maith le solas a chaitheamh ar na réimsí inar gá dúinn feabhsú.”
Dúirt an tAire Butler:
"Mar Aire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, chonaic mé an tionchar claochlaitheach atá ag seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí ar shaolta daoine aosta. Is iad an dream is cuí le hinsint dúinn faoi cad atá ag obair go maith faoi láthair agus cad is gá a athrú, agus táim ag fanacht go fonnmhar le torthaí an chleachtaidh thábhachtaigh seo a fheiceáil. Cuirfidh an comhairliúchán go mór leis an mbonn fianaise do phlé an Choimisiúin agus cuideoidh sé lena chinntiú go leanfaidh Éire de bheith ina tír iontach le dul in aois inti."
Tá an suirbhé comhairliúcháin phoiblí ar fáil ar líne anois, mar aon le tuilleadh eolais faoi conas freagra a thabhairt, ag: gov.ie/ComhairliuchanDaoineScothaosta
Dúnfar an comhairliúchán poiblí ar an 24 Deireadh Fómhair 2024.