Fáiltíonn an tAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta roimh laghdú suntasach ar liostaí feithimh síceolaíochta do leanaí agus do dhaoine óga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, inniu roimh laghdú suntasach ar líon na leanaí agus na ndaoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois atá ag feitheamh le rochtain a fháil ar sheirbhísí síceolaíochta cúraim phríomhúil i bpobail ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Butler
“Go bhfuil laghdú an-suntasach de bheagán os cionn 19% (nó 1,026) i measc daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois atá ag fanacht níos mó ná 12 mhí le go bhfeicfidh an tseirbhís iad idir Márta agus Deireadh Fómhair 2021. Tá an-tábhacht ag baint leis an éacht seo maidir le feabhas a chur ar eispéiris leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na seirbhísí ríthábhachtacha seo”.
Lean an tAire Butler uirthi á rá “ó tháinig mé in oifig anuraidh, bhí an-imní orm faoi na liostaí feithimh atá ag fás i síceolaíocht cúraim phríomhúil, go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga – a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte ag go leor acu. Tá an fhéidearthacht ann freisin acmhainn ár sainseirbhísí meabhairshláinte leanaí agus déagóirí (CAMHS) a fheabhsú trí acmhainní a mhéadú laistigh de chúram príomhúil.
“Ó fógraíodh an ceadú de €4 milliún i mí Lúnasa i mbliana d’fhorbairt tionscnaimh ghearrthéarmacha i ngach Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail (CHO), is léir go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le dul i ngleic le liostaí feithimh”.
Cuireadh sraith beart i bhfeidhm go rathúil i ngach ceann de na naoi CHO lena n-áirítear ragobair agus uaireanta méadaithe seirbhíse a sholáthar; úsáid acmhainn phríobháideach; scagthástáil tosaigh nó coinní teiripeacha gearra aonuaire chun tacaíocht/faisnéis agus ath-thosaíocht a thabhairt do dhaoine ar na liostaí feithimh, bunaithe ar riachtanas.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Butler:
“Cé go bhfuil na bearta seo dírithe ar an ngearrthéarma, leanfaidh siad de thionchar a bheith acu agus sinn ag bogadh isteach i 2022, agus obair ar siúl go fóill ar an mbealach is fearr is féidir linn seirbhís síceolaíochta cúraim phríomhúil inbhuanaithe a fhorbairt go fadtéarmach. Tá sé seo riachtanach chun rochtain níos tapúla agus níos éasca ar thacaíocht shíceolaíoch a chumasú do leanaí agus do theaghlaigh nuair a bhíonn gá acu leis. Caithfear leanúint leis an móiminteam atá le brath le hos cionn ceithre mí anuas agus sinn ag dul isteach i 2022”.
CRÍOCH