Fáiltíonn an tAire Martin roimh bhunú an Ghrúpa Maoirseachta Téarnaimh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, an 3 Nollaig, chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin TD, fáilte roimh bhunú Ghrúpa Maoirseachta Téarnaimh d’earnáil na turasóireachta. Tháinig an Grúpa, arna cheapadh ag an Aire, le chéile den chéad uair inniu agus beidh Nóirín Hegarty, VP Lonely Planet, agus ball de Bhord Turasóireachta na hÉireann, ina cathaoirleach air.
Tá earnáil na turasóireachta buailte go dona ag an paindéim COVID-19. Ceapadh Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta i mí Bealtaine chun Plean Téarnaimh Turasóireachta a ullmhú ina n-áirítear moltaí maidir leis an mbealach is fearr le hearnáil turasóireachta na hÉireann a chur in oiriúint agus a thabhairt slán i dtimpeallacht turasóireachta atá athraithe mar gheall ar an ngéarchéim.Chuir an tascfhórsa an Phlean Téarnaimh Turasóireachta 2020-2023 faoi bhráid an Aire Martin an 30 Meán Fómhair. Déanann an Plean roinnt moltaí chun cabhrú le gnóthlachtaí turasóireachta maireachtáil, cobhsú agus teacht ar ais ó phaindéim COVID.
Mar a mholtar sa Phlean Téarnaimh, tá Grúpa Maoirseachta Téarnaimh faoi chathaoirleacht neamhspleách curtha ar bun anois chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí i dtuarascáil an Tascfhórsa agus chun monatóireacht a dhéanamh ar théarnamh na hearnála ó ghéarchéim COVID. Tá ballraíocht an Ghrúpa comhdhéanta de chleachtóirí tionscail turasóireachta, saineolaí beartais iompair, chomh maith le POFanna ó na gníomhaireachtaí turasóireachta agus ionadaí ón Roinn. Coinneoidh an Grúpa an tAire ar an eolas faoin dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Téarnaimh agus téarnaimh na hearnála.
Dúirt an tAire Martin inniu:
“Táim an-sásta a bheith in ann an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh a cheapadh go gairid tar éis an Phlean Téarnaimh Turasóireachta a fhorbairt. Agus muid fós i gcéim an mharthanais, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go dtosaíonn an Grúpa seo i ndáiríre ag déanamh maoirseachta ar chur i bhfeidhm an Phlean Téarnaimh agus ag déanamh monatóireachta ar dhul chun cinn téarnaimh na hearnála turasóireachta. Tá go leor éiginnteachta ann fós ach tá súil agam go ligfidh an dul chun cinn a déanadh le déanaí maidir le vacsaíní don tionscal dul ar aghaidh go dtí an chéim téarnaimh agus tosú ag fás arís in 2021. Na bearta a rinneadh go dtí seo, rinneadh iad go príomha chun cabhrú le gnóthlachtaí turasóireachta agus chun poist a choinneáil. Táim ag tnúth le comhairle an Ghrúpa seo maidir leis na tosaíochtaí de réir mar a thagann siad chun cinn ag céimeanna éagsúla téarnaimh.
“Táim fíor bhuíoch gur aontaigh an Grúpa seo, grúpa daoine a bhfuil an-taithí acu, faoi chathaoirleacht Nóirín Hegarty, a gcuid saineolais nach beag a thabhairt go deonach chun téarnamh agus neartú ár dtionscal turasóireachta a chinntiú. Is rud dearfach é go bhfuil leanúnachas ón TRT. Tá earnáil na turasóireachta ina cuid lárnach dár dtéarnamh eacnamaíoch náisiúnta agus creidim go mbeidh torthaí eacnamaíochta arda de bharr chur i bhfeidhm na moltaí sa Phlean Téarnaimh chomh maith le buntáistí do na mílte duine atá ag obair san earnáil.”
Dúirt Ms Hegarty maidir lena ceapachán:
“Tá lúcháir agus onóir orm gur ceapadh mé mar chathaoirleach ar an nGrúpa Maoirseachta Téarnaimh. Tá a fhios agam go maith an obair chrua agus an t-am a chaith an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta leis seo agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo as Plean Téarnaimh a sheachadadh a leagann amach creat téarnaimh dár n-earnáil turasóireachta thar an tréimhse 2020-2023. Cé go bhfuil tús maith déanta againn, níl anseo ach tús próiseas téarnaimh agus táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe sa Ghrúpa Maoirseachta chun a chinntiú go gcuirfear na moltaí atá leagtha amach sa Phlean Téarnaimh Turasóireachta i bhfeidhm. Beimid ag déanamh monatóireachta freisin ar théarnaimh na hearnála ó ghéarchéim COVID-19. Tá grúpa, a bhfuil go leor taithí acu, tugtha le chéile ag an Aire Martin agus is fúinn anois atá sé a chinntiú go gcuirfear an Plean seo i gcrích."
Ballraíocht an Ghrúpa Maoirseachta Téarnaimh
Ainm | Eagraíocht | ||
Nóirín Hegarty (Cathaoirleach) | Leas-Uachtarán, Lonely Planet | ||
Ruth Andrews | POF, ITOA, Cathaoirleach, ITIC | ||
Paul Kelly | POF, Fáilte Éireann | ||
Niall Gibbons | POF, Turasóireacht Éireann | ||
Paul Gallagher | BainisteoirGinearálta, Óstán Buswells | ||
Helena Healy | POF, B&B Ireland | ||
Aisling Reynolds-Feighan | Ollamh le hEacnamaíocht Iompair agus Leas-Phríomhoide Coláiste don Nualaíocht agus Tionchar Taighde i gColáiste na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí i UCD |