Fógraíonn an tAire McConalogue €19 milliún d'íocaíochtaí faoin Scéim Feabhsúcháin Caorach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, inniu go bhfuil tús curtha le heisiúint na n-íocaíochtaí go feirmeoirí faoin Scéim Feabhsúcháin Caorach (SFC).
Dúirt an tAire:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil réamhíocaíochtaí de €19 milliún san iomlán eisithe chuig breis agus 17,000 feirmeoir faoi scéim SFC. Is é seo an chéad bhliain den SFC nua mar chuid den CBT agus tógann sé ar an dul chun cinn atá déanta ag an Scéim Leasa Caorach trí thacaíocht bhreise a sholáthar do ghníomhaíochtaí a fheabhsaíonn sláinte agus leas ainmhithe san earnáil caorach. Léiríonn tionscnamh na scéime seo tiomantas leanúnach an rialtais seo d’earnáil na gcaorach sna blianta amach romhainn.
“Tá eisiúint íocaíochta faoin SIS ríthábhachtach d’earnáil na gcaorach agus do theaghlaigh feirme. Tuigim a thábhachtaí atá sé chun íocaíochtaí a chur ar fáil d'iarratasóirí chomh tapa agus is féidir. Agus na híoctaíochtaí ag tosú inniu, tá sprioc thábhachtach bainte amach atá ar aon dul leis an dáta a cuireadh in iúl d’fheirmeoirí.
“Beidh na híocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn. Leanfaidh mo Roinn ag próiseáil na cásanna go léir atá fágtha le haghaidh íocaíochta de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime mar ábhar práinne.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh mar chomhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht lena gcinntítear go bhfuil bia á chur ar fáil go seasmhach, lena gcosnaítear ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht, agus coinnítear beocht i gceantair thuaithe. Cuireann tíortha de chuid an Aontais CBT i bhfeidhm ag leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.
Tugadh isteach anScéim Feabhsúcháin Caorach chun sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú san earnáil caorach. Cuireann an Scéim tacaíocht airgeadais ar fáil d’fheirmeoirí chun céimeanna breise a ghlacadh chun leas a dtréada a fheabhsú.
Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánach cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap
Ag teacht le socrú na bliana seo caite, is réamhíocaíocht 85% ar Scéim SFC iad na híocaíochtaí atá á n-eisiúint faoi láthair. Táthar le tosú ar an 15% d’íocaíochtaí comhardaithe i mBealtaine 2024. D’fhéadfadh go dtógfadh íocaíochtaí suas le 5 lá chun cuntais feirmeoirí a bhaint amach.
Ar aon dul leis na blianta roimhe seo, níl gach iarratas imréitithe faoi láthair le haghaidh íocaíochta faoin Scéim SFC. Ba cheart d’fheirmeoirí aon fhianaise gan réiteach mar thaca lena n-iarratas a chur faoi bhráid Oifig Phort Laoise na Roinne a luaithe is féidir chun scaoileadh na n-íocaíochtaí a éascú.