Iarratais don Chiste Imeasctha Náisiúnta 2023 á lorg ag an Aire Stáit O’Brien
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhormheas an tAire Stáit don Imeascadh Joe O’Brien €750,000 in aghaidh na bliana mar mhaoiniú faoin gCiste Imeasctha Náisiúnta 2023.
Agus é ar an bhfód anois le seacht mbliana, ceiliúrann an Ciste Imeasctha Náisiúnta an éagsúlacht chultúrtha saibhir in Éirinn agus cumasaítear eagraíochtaí neamhbhrabúis leis ar fud na hÉireann chun ról níos mó a ghlacadh ag tacú le himeascadh na n-inimirceach. D’fhéadfadh na heagraíochtaí a n-éiríonn leo sa phróiseas roghnaithe deontais de mhéideanna suas go €200,000 a fháil mar mhaoiniú, arna íoc thar trí bliana ar a mhéid, chun tacú le tionscnaimh Imeasctha náisiúnta agus áitiúla.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Stáit O’Brien:
“Beidh sé seo ar cheann de na Cistí Imeasctha Náisiúnta is tábhachtaí dá raibh ann riamh i bhfianaise na ndeacrachtaí atá tagtha chun cinn le bliain go leith do dhaoine atá ag teacht isteach sa tír agus do phobail ar fud na tíre. Ach is léir go bhfuil na pobail inchurtha leis an dúshlán seo ar bhealach atá dearfach agus, leis an gciste seo, tabharfar tacaíocht d’iarrachtaí dá leithéid. Tabharfar tacaíocht go háirithe d’iarrachtaí náisiúnta a dhéanann eagraíochtaí chun cabhrú le daoine saol nua a chruthú in Éirinn agus tabharfar tacaíocht do phobail ag an am céanna leis an bpróiseas Imeasctha a bhaint amach chomh maith agus is féidir. Nuair a dhéantar Imeascadh mar is ceart, baineann an uile dhuine tairbhe as trí phobail bhríomhara ilghnéitheacha a chruthú agus tá áthas an domhain orm go dtabharfar tuilleadh cabhrach don obair sin leis an CIN arna fhógairt inniu.”
Is féidir le hiarratasóirí rochtain a fháil ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú anseo.
12 pm Dé Céadaoin an 26 Deireadh Fómhair 2022 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.
Bhunaigh an Roinn Dlí agus Cirt an CIN in 2017 mar fhreagra ar Aicsean 6 den Straitéis um Imeasctha Imirceach– Eolas an Bhealaigh don Am atá Romhainn, lena n-éilítear maoiniú a chur ar fáil le tionscnaimh gníomhaíochta dearfacha a chur chun cinn i réimsí ina mbíonn deacrachtaí ag inimircigh deiseanna a thapú ar bhonn cothrom le dreamanna eile de mhuintir na hÉireann.
Tá an CIN ar an bhfód anois le seacht mbliana agus ón uair a cruthaíodh é, tá tacaíocht tugtha aige do 33 thionscadal trí bhíthin maoiniú i bhfoirm deontais de luach €4.19 milliún.
Tá an glao mhaoinithe seo bunaithe ar 12 príomhthéama chun tacú le himeascadh inimirceach:
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gciste tacaíocht a thabhairt d’imeascadh inimirceach agus an phobail óstaigh, ní mór go dtaispeánfaí i ngach iarratas go bhfuil sé de chumas ag an eagraíocht na pobail inimirceach agus óstach araon a fháil páirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe.
Is féidir an maoiniú a úsáid i dtaca le tionscnaimh aonuaire agus tionscadail arna gcur i gcrích thar trí bliana ar a mhéid. Is é €200,000 an uasmhéid ar dheontais is féidir iarratas a dhéanamh orthu agus is é €25,000 an íosmhéid.