An tAire Byrne le freastal ar chéad chruinniú Ghrúpa Oibre ar Spórt - Meas ar Oifigigh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tAire Byrne le freastal ar chéad chruinniú Ghrúpa Oibre ar Spórt - Meas ar Oifigigh
Tabharfaidh an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne, TD, aitheasc inniu (9 Iúil 2024) ag an gcéad chruinniú den Ghrúpa Oibre Meas ar Oifigigh. Tá an Grúpa á bhunú mar thoradh ar ghníomhaíocht sa Bheartas um Obair Dheonach sa Spórt a sheol an tAire Byrne i mí Eanáir, agus tá sé mar fhreagra ar roinnt eachtraí míshásúla a bhain le hoifigigh. Beidh an Grúpa faoi chathaoirleacht Spórt Éireann.
Bainfidh an tAire Byrne leas freisin as an deis chun an gá atá le bearta cosanta leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm a atreisiú nuair a bhuailfidh sé le ballraíocht an Ghrúpa Oibre ar a bhfuil ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí i spórt na hÉireann (liostaithe thíos).
Dúirt an tAire Byrne:
“Tuigim go rímhaith go bhfuil go leor oifigeach i spórt na hÉireann ag tabhairt a gcuid ama féin go deonach, gan mórán luach saothair airgid nó fiú luach saothair ar bith acu, ar mhaithe lena chinntiú go mbíonn spórt ar fáil ina bpobail. Ní mór luach a chur ar an tiomantas deonach sin agus é a chothú. Sheol mé Beartas nua um Obair Dheonach sa Spórt i mí Eanáir. Le Spórt Éireann, a aithníonn an tábhacht a bhaineann le hoibrithe deonacha in Éirinn agus tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimid agus go méadóimid leibhéal na hoibre deonaí. Ní féidir linn easpa measa a cheadú ar na hoifigigh, a bhaineann ón spórt, agus táim lánchinnte go ndéanfaidh ballraíocht an-ionadaíoch, shaineolach an Ghrúpa Oibre Meas ar Oifigigh difríocht mhór sa réimse seo.
“Táim ag tnúth leis an ábhar seo a phlé le ballraíocht an Ghrúpa Oibre Meas ar Oifigigh ag a gcéad chruinniú. Bainfidh mé leas freisin as an deis chun an gá atá le bearta cosanta leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm a atreisiú. Príomhthosaíocht domsa is ea a chinntiú go bhfuil na treoirlínte, na prionsabail agus na hiompraíochtaí atá leagtha amach i dteimpléad an Chóid Náisiúnta Iompair do chomhlachtaí spóirt, a sheol mé anuraidh, sáite sa gcleachtas in ionaid spóirt ar fud na tíre ag gach leibhéal rannpháirtíochta”.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ballraíocht
Louise Burke (Cathaoirleach) Spórt Éireann Stiúrthóir Rannpháirtíochta
Stuart Garland Obair Dheonach Éireann Oibrithe Deonacha
Donal Smyth Cumann Lúthchleas Gael Ceannasaí na Réiteoirí
Triona Leahy Cispheil Éireann Achomharc, Cosaint agus cúntóir pearsanta an Phríomhfheidhmeannaigh
Michelle Carpenter Rámhaíocht Éireann Príomhfheidhmeannach
Stephanie McGovern Active Disability Ireland Bainisteoir Oibríochtaí Stráitéiseacha
Isreal Ibeanu Cricket Ireland Oifigeach Coimirce, Ilchineálachta & Cuimsitheachta
Anne Marie Hughes IRFU Ceannasaí Cothromais, Éagsúlacht agus Cuimsiú
Ger McDermott FAI Stiúrthóir Sacair ar an mBunleibhéal
Gerard Perry FAI Cathaoirleach Coiste Náisiúnta na Réiteoirí
Dudley Philips IRFU Ceannasaí na Réiteoirí
Stephen Gore IRFU Meas d’Ár gCluiche
Mary O’Connor Cónaidhm Spóirt na hÉireann Príomhfheidhmeannach
John Sweeney Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt an Chláir Gréasán na gCAS
Deborah Foley Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt Ceatharlaigh Gréasán na gCAS
Maggie Farrelly CLG Oifigigh – Páirceanna
Philip Rooney Dornálaíocht Oifigigh – Taobh Istigh
Sean Downes Canúáil Oifigigh – Uisce
Hannah Gibney Trí-atlan Éireann Oifigigh – Lasmuigh
Ciaran Ward Spórt Éireann Cóitseálaithe – Ardfheidhme
David Sweeney CLG Cóitseálaithe – Pobal
Gan a bheith ar fáil don chéad chruinniú IRFU Cóitseálaithe – Náisiúnta