Fógra déanta ag an Aire McHugh faoi ghlao ar iarratais ar mhaoiniú chun tacú le múinteoirí cur lena gcumas in ábhair áirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Oideachas agus Scileanna Joe McHugh TD fáilte inniu (Déardaoin 19 Nollaig) roimh iarratas atá déanta ar ollscoileanna agus ar choláistí cláir/cúrsaí nua a chruthú lena bhféadfadh múinteoirí cláraithe iar-bhunscoile cur lena gcuid scileanna.
Tá na moltaí á lorg ag an Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO) le gur féidir le múinteoirí cáiliú chun ábhar breise a mhúineadh, go háirithe an mhatamaitic, an Spáinnis agus an fhisic.
Ní ghearrfaí táillí ar mhúinteoirí a bheadh ag tabhairt faoi na cláir nua.
Tá sé i gceist go mbeidh bealach ann do mhúinteoirí cur lena scileanna agus teacht le riachtanais churaclaim an ábhair sa mhatamaitic, sa Spáinnis agus san fhisic.
Arsa an tAire McHugh:
“Tá an tionscnamh seo maidir le cláir nua a chuideoidh le múinteoirí cur lena gcuid scileanna ag freagairt do na húdair imní atá ag iar-bhunscoileanna agus ag forais bhainistíochta. Tá a fhios againn go bhfuil deacrachtaí maidir le múinteoirí a earcú i roinnt ábhar ach is deis í seo do mhúinteoirí cur lena scileanna saor in aisce agus ar bhealach solúbtha.
Ba mhaith liom na hinstitiúidí ardoideachais a ghríosú agus a spreagadh teacht chun tosaigh le moltaí a chun cur chuige nuálaíoch a chur ar fáil a oibreoidh go maith do mhúinteoirí.
Tá géarghá leis na cláir seo a chur ar fáil a thógfaidh inniúlacht múinteoirí na hábhair seo a sholáthar sa scolaíocht lán-Ghaeilge, agus ba mhaith liom a áitiú ar inistitiúidí teacht chun tosaigh le moltaí maidir leis sin.”
Tá glao an ÚAO á dhéanamh ar son na Roinne Oideachais agus Scileanna agus beidh sé oscailte d’inistitiúidí tríú leibhéil a bhfuil cláir OTM sa bhunscolaíocht nó san iar-bhunscolaíocht acu arna gcreidiúnú ag an gComhairle Mhúinteoireachta.
Is gá na moltaí iomlána a chur isteach tráth nach déanaí ná an 2ú Márta 2020.
Tá sé i gceist go mbeidh na cláir ar oscailt do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá cáilithe agus cláraithe cheana, agus go mbeidh siad ar fáil ar bhonn páirtaimseartha solúbtha. Ní bheidh táillí le híoc ag múinteoirí a bheidh rannpháirteach.
Tá an ÚAO ar lorg moltaí cur le scileanna múinteoirí chun múineadh i suíomh lán-Ghaeilge chomh maith le suíomh Béarla.
Déanfaidh painéal saineolaithe neamhspleácha measúnú ar na moltaí agus déanfaidh siad a moltaí féin don Roinn Oideachais agus Scileanna a dhéanfaidh an cinneadh deiridh.
Tá sé i gceist i dtosach go nglacfar isteach dhá chohórt do na cláir feabhsaithe scileanna, agus an chéad cheann díobh sin sa bhliain 2020.
Críoch
An Soláthar Múinteoirí
Tá trácht déanta ag forais bhainistíochta iar-bhunscoileanna ar ghanntanas múinteoirí in ábhair áirithe, lena n-áirítear STEM agus nua-theangacha iasachtacha, chomh maith le deacrachtaí múinteoirí ionaid a earcú go ginearálta.
Grúpa Stiúrtha um Sholáthar Múinteoirí: Tá an Grúpa Stiúrtha um Sholáthar Múinteoirí chun tosaigh maidir le clár gníomhaíochtaí a fhorbairt maidir leis an soláthar múinteoir agus is iad a dhéanfaidh maoirseacht ar a chur i bhfeidhm sin.
Is é Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna atá mar chathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha, agus ar chomhaltaí an Ghrúpa tá baill d’fhoireann ardbhainistíochta na Roinne, POF an ÚAO, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, ionadaithe sinsearacha na n-Institiúidí Ard-Oideachais agus na bhforas bainistíochta scoileanna, comhairleoir an Aire agus saineolaí neamhspleách.
Struchtúir Soláthair Múinteoirí: Tacaíonn an Grúpa Feidhme Soláthair Múinteoirí le hobair an ghrúpa stiúrtha. Tá tacaíocht dá réir ag an nGrúpa Feidhme ina chuid oibre ó roinnt grúpaí oibre a dhéanann breithniú agus tuairisciú maidir le saincheisteanna faoi leith. Tá ionadaíocht ag an ÚAO ar an ngrúpa feidhme agus ar chuid de na grúpaí oibre.
Plean Gnímh do Sholáthar Múinteoirí: Tá sa Phlean Gnímh do Sholáthar Múinteoirí réimse gníomhaíochtaí tosaigh a aithníodh trí obair an ghrúpa stiúrtha agus tríd an rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara. Tá rangú déanta ar na gníomhaíochtaí seo faoi cheithre cheannteideal leathana:
Tá glao seo an ÚAO ar na hInstitiúidí AO ag leanúint ó ghníomh amháin de chuid an Phlean Gnímh.
Seo a leanas cuid de na gníomhaíochtaí eile a tionscnaíodh cheana:
Tá an Plean Gnímh do Sholáthar Múinteoirí ar fáil anseo:
Plean Gníomhaíochta do Sholáthar Múinteoirí
Plean Gníomhaíochta do Sholáthar Múinteoirí
Tá tuilleadh eolais faoi ghlao an ÚAO ar fáil anseo: https://hea.ie/funding-calls/upskilling-teachers/