Buaileann an tAire Sláinte, an tAire Dlí agus Cirt agus an tAire Leanaí le chéile chun an Tuarascáil ón gCoiste um Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta a Phlé
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Sláinte, an tAire Dlí agus Cirt agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, in éineacht le hoifigigh óna Ranna, chun leanúint lena mionscrúdú ar an tuarascáil a foilsíodh le déanaí ón gComhchoiste Oireachtais um Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta agus a mholtaí.
Ba mhaith leis an triúr Airí a bhfáilte leathan a chur roimh an tuarascáil arís agus ba mhaith leo buíochas a ghabháil leo as an obair a rinne an Coiste laistigh de thréimhse ama réasúnta docht.
Tá na hAirí agus a gcuid oifigeach ag scrúdú na moltaí sa tuarascáil go mion agus tá siad ag obair ar conas breithniú na moltaí seo a chur chun cinn, de réir mar is cuí, lena n-áirítear sa reachtaíocht.
Tá oifigigh ó gach Roinn Rialtais ábhartha ag gabháil do phróiseas struchtúrtha anois chun impleachtaí na moltaí a fhiosrú agus chun dul chun cinn is éifeachtaí a dhéanamh ar mholtaí den sórt sin.
Tabharfaidh na Ranna Páipéar Beartais comhaontaithe chun críche a bheidh mar bhonn ansin le roghanna reachtacha a fhorbairt, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar cibé an féidir cuid a chur isteach sa Bhille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe) 2022 ag Céim an Choiste.
Prionsabail atá mar bhonn agus taca le haon bhearta reachtacha nua is ea cearta gach leanbh a shaolaítear mar thoradh ar shocruithe máthairionadaíochta trasteorann a chosaint agus leas máithreacha ionaid a chosaint.
CRÍOCH