Léirbhreithniú Déanta Ag An Aire Stáit, An Tuasal Paul Kehoe T.D., Ar Thrúpaí Na Héireann Atá Ag Dul Chun Na Liobáine Cill Chainnigh - 3 Bealtaine 2016 ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léirbhreithniú déanta ag an Aire Stáit, an tUasal Paul Kehoe T.D.,ar Thrúpaí na hÉireann atá ag dul chun na Liobáine, Cill Chainnigh, 3 Bealtaine 2016
Inniu, rinne an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, an tUasal Paul Kehoe T.D. léirbhreithniú ar chomhaltaí den 53ú Grúpa Coisithe a rachaidh chun seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) níos déanaí an mhí seo.
Dúirt an tAire le linn an léirbhreithnithe, “Tá Éire ag cabhrú le UNIFIL ó bunaíodh an misean i 1978 agus is léiriú é ár rannpháirtíocht sa mhisean seo ar an tacaíocht láidir a thugaimid do ról na Náisiún Aontaithe.”
Labhair an tAire Kehoe go díreach leis na trúpaí, "Táim cinnte go ndéanfaidh sibh go léir bhur ndícheall cáil na hÉireann a chothabháil thar lear agus cur leis an dea-chlú atá ar Éirinn ar fud na cruinne.”
Dúirt an tAire freisin “Molaim gach duine agaibh as an gcinneadh seo atá déanta agaibh tabhairt faoin misean seo. Tá sé den tábhacht a thabhairt ar aird nach bhféadfadh Éire cuidiú le hoibríochtaí síochánaíochta idirnáisiúnta a oiread is a chuidíonn gan tiomantas leanúnach phearsanra Óglaigh na hÉireann seirbhís a dhéanamh thar lear i gcúinsí a bhíonn deacair agus dainséarach go minic.”
Ar deireadh, ghuigh an tAire Kehoe misean slán agus rathúil ar chomhaltaí an 53ú Grúpa Coisithe, faoi cheannas an Leifteanant-Chornail Stephen Ryan.
CRÍOCH