Fógraíonn an tAire Catherine Martin athbhreithniú neamhspleách seachtrach ar rialachas agus ar chultúr RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ní dhéanfaidh an Rialtas cinneadh ar leasú cheadúnas teilifíse go fóill
Ráiteas an Aire:
Inniu (Dé Sathairn, an 24 Meitheamh), bhuail mé le Cathaoirleach RTÉ, Siún Ní Raghallaigh chun plé a dhéanamh ar na hábhair an-tromchúiseach agus díobhálach a leagtar amach sna ráitis a rinne RTÉ le déanaí.
Ag an gcruinniú, dúirt mé leis an gCathaoirleach arís gur ábhar uafáis é an méid a tharla, agus mar is léir ón gclúdach sna meáin agus ón trácht poiblí le cúpla lá anuas, rinne sé dochar mór do chlú RTÉ agus don chraoltóireacht seirbhíse poiblí i gcoitinne.
Chuir mé in iúl don Chathaoirleach go bhfuil sé ríthábhachtach anois muinín a chothú arís. Ciallaíonn sé seo trédhearcacht agus soiléireacht iomlán a chinntiú, ní hamháin maidir leis an méid a tharla ach freisin maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le cúrsaí amach anseo. Táim ag súil go dtabharfaidh Bord RTÉ aghaidh ar na teipeanna rialachais seo go críochnúil agus go práinneach.
Thug an Cathaoirleach tuiscint níos soiléire dom ar an bpróiseas a ghlac an Bord agus na chéad chéimeanna eile, agus tuigtear dom go dtabharfar an t-athbhreithniú seachtrach a choimisiúnaigh RTÉ chun athbhreithniú a dhéanamh ar luach saothair na 10 láithreoir is airde pá chun críche faoin dhá seachtaine.
D’ainneoin chruinniú an lae inniu, áfach, léiríonn na rudaí a tháinig chun solais an tseachtain seo dúshláin níos doimhne san eagraíocht. Chinn mé mar sin go bhfuil gá le hathbhreithniú seachtrach ar rialachas agus cultúr RTÉ. Is é cuspóir an athbhreithnithe seo a chinneadh cad iad na ceisteanna bunúsacha nó córasacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear leordhóthanacht na rialuithe inmheánacha.
Cé nach féidir liomsa mar Aire cur isteach ar ghnó laethúil RTÉ, tá dearbhú ag teastáil uaim go bhfuil an rialachas agus an cultúr oiriúnach don fheidhm.
Ní mór muinín an phobail as RTÉ a atógáil. Mar sin, ní dhéanfaidh an Rialtas cinneadh maidir leis an tsamhail mhaoinithe amach anseo don chraoltóireacht seirbhíse poiblí go dtí go gcuirfear an t-athbhreithniú seo i gcrích agus go gcuirfear na torthaí san áireamh.
Forbróidh m’oifigigh Téarmaí Tagartha ina leith seo i rith na seachtaine atá romhainn, agus beidh mé ag súil le comhoibriú iomlán Bhord RTÉ agus feidhmeannaigh shinsearacha agus iad i mbun an athbhreithnithe seo agus plé le Coistí Oireachtais sa tréimhse amach romhainn.