Pléann an tAire McConalogue dícharbónú Earnáil an Iascaigh agus an Uisceshaothraithe ag Cruinniú Airí Iascaigh an AE
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, aghaidh ar cheist lárnach dhícharbónú earnáil an iascaigh agus an uisceshaothraithe ag Cruinniú Neamhfhoirmiúil na nAirí Iascaigh, a bhí ar siúl i Vigo na Spáinne, an 17 agus an 18 Iúil.
Phléigh Airí Iascaigh ar fud an AE bealaí le haghaidh dúshláin agus bacainní féideartha a shárú chun neodracht ó thaobh carbóin de in earnáil bia mara a bhaint amach faoi 2050 ag an gcruinniú a bhí eagraithe ag an Spáinn, a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an AE aici faoi láthair.
D'aontaigh na Ballstáit go raibh gá le hinfheistíocht shuntasach, chomh maith leis an infheistíocht a chuirtear ar fáil cheana féin faoi réir An Chiste Eorpaigh um Ghnóthaí Muirí, Iascaigh agus Uisceshaothraithe (EMFAF), chun an t-aistriú fuinnimh seo a bhaint amach. Luaigh na hAirí freisin an gá atá le nuálaíocht fuinnimh mhalartaigh d'árthaí iascaireachta, ar an ábhar nach bhfuil na teicneolaíochtaí reatha forbartha go leor agus ar fáil go forleathan le haghaidh úsáid mhuirí.
Chuir an tAire McConalogue béim ar an ngá le cur chuige uile-AE:
“Is acmhainn chomhroinnte an Aontais é an t-iascach. Mar sin, ní mór dúinn comhghníomhú ar bhonn uile-AE. Ní mór do bheartas agus creat rialála ar bith cuspóirí soiléire agus réalaíocha a bheith acu, leis an gcostas a bhaineann leo agus an infheistíocht agus an tacaíocht a bhfuil de dhíth orthu thar achar ama réalaíoch a chur san áireamh. Ní mór i gcreat dá leithéid go ndéanfaí machnamh ar gach gné den earnáil bia mara, agus déchur chuige a ghlacadh i leith éifeachtacht a mhéadú agus foinsí fuinnimh malartacha a phlé ag an am céanna.”
Maidir le dícharbónú árthaí iascaireachta, luaigh an tAire:
“Beidh riachtanais agus dúshláin éagsúla ag sciartha cabhlaigh éagsúla agus ní mór iad seo a chur san áireamh nuair atá beart tacaíochta á phleanáil.”
Dúirt an tAire ansin:
“Beidh infheistíocht shuntasach ag teastáil ó oiriúnú infreastruchtúr calaidh chun úsáid breoslaí malartacha agus foinsí fuinnimh inbhuanaithe a éascú. Tá gá le creat infheistíochta ar bhonn uile-AE le haghaidh forbairt chothrom agus chun ligean do Bhallstáit a n-iomaíochas a choinneáil.”
Maidir le hearnálacha an Uisceshaothraithe agus Próiseála, dúirt an tAire:
“Beidh na hearnálacha seo níos seasmhaí agus iomaíche mar gheall ar chéimeanna i dtreo úsáid fuinnimh atá níos inbhuanaithe agus éifeachtaí, agus cabhróidh sé seo leo a ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le slándáil bhia an AE a chinntiú.”
Sheol an Coimisiún Eorpach an Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh an mhí seo caite – clár le páirtithe leasmhara iomadúla chun comhoibriú agus comhrá a chur chun cinn, d'fhonn dlús a chur leis an aistriú fuinnimh in earnálacha an iascaigh agus an uisceshaothraithe. Tagann sé seo i ndiaidh fhoilsiú Chumarsáid an Choimisiúin ar Aistriú Fuinnimh Earnáil Iascach agus Uisceshaothrú an AE mar chuid dá Phacáiste Iascaigh i mí Feabhra.
Cuspóir amháin atá ag Cumarsáid an Choimisiúin ná treochlár aistriú fuinnimh na hearnála maidir le neodracht ó thaobh aeráide de faoi 2050 a fhorbairt roimh 2024, i ndlúthchomhar leis an gComhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh.
Chuir an tAire McConalogue fáilte roimh bhunú na Comhpháirtíochta, agus mar fhocal scoir, dúirt sé:
“Rachaidh aistriú rathúil chuig foinsí fuinnimh atá níos inbhuanaithe go mór i bhfeidhm ar inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála. Mar sin, táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an gCoimisiún agus an Chomhpháirtíocht ar threochlár aistrithe fuinnimh a fhorbairt.”
CRÍOCH