Ceadaíonn an Rialtas athnuachan fhorálacha an Achta um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, agus an Achta um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le linn an chruinnithe Comh-aireachta inniu, thug an Rialtas ceadú don Aire Dlí agus Cirt rúin Oireachtais a mholadh chun athnuachan a dhéanamh ar fhorálacha áirithe a chuimsítear san Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, agus san Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009 agus a bhfuil mar aidhm leo dul i ngleic le bagairtí na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe.
Ag labhairt di faoin gcinneadh ón Rialtas, dúirt Heather Humphreys TD, an tAire Dlí agus Cirt,
“Tá na dlíthe seo i bhfeidhm chun an Stát a chosaint agus a chumhdach ar na daoine sin atá meáite ar an mbonn a bhain de agus dá institiúidí daonlathacha. Comhlíonann na dlíthe ról tábhachtach sa Stát a chumasú an fód a sheasamh in aghaidh na bagartha ó na daoine sin atá meáite ar an bhforéigean agus in éadan na síochána agus an daonlathais agus an fód a sheasamh in aghaidh na ndrong coireachta eagraithe sin a shaothraíonn a gcuspóirí coiriúla gan trua gan taise.”
Achtaíodh an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, i ndiaidh bhuamáil na hÓmaí agus cuimsítear roinnt forálacha tábhachtacha frithsceimhlitheoireachta ann.
Foráiltear leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009 do bhearta reachtacha áirithe atá beartaithe chun dul i ngleic le coireacht eagraithe. Foráiltear leis an bhforáil is ábhar don chinneadh a rinneadh inniu go bhfuil cionta tromaí áirithe coireachta eagraithe le cur faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta mura n-ordaíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a mhalairt.
Ceanglaítear leis an reachtaíocht nach foláir na forálacha a bheith athnuaite ag an Oireachtas ag eatraimh shonraithe. Mura ritheann an dá Theach den Oireachtas na rúin faoin 30 Meitheamh 2021, ní bheidh na forálacha i mbun feidhme a thuilleadh.
Dúirt an tAire Humphreys freisin,
“Tá an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách a bunaíodh chun na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit a athbhreithniú ag leanúint lena chuid oibre agus táthar ag súil go n-eiseofar tuarascáil eatramhach sna seachtainí beaga atá romhainn. Idir an dá linn, tá sé ar intinn agam rúin a mholadh sa Dáil agus sa Seanad araon chun a chinntiú go leanfaidh na forálacha d’éifeacht a bheith acu.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Achtaíodh an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, i ndiaidh na buamála ar an Ómaigh agus cuimsítear ann roinnt forálacha tábhachtacha frithsceimhlitheoireachta, lena n-áirítear na cionta um eagraíocht neamhdhleathach a stiúradh, daoine a oiliúint ar airm thine a dhéanamh agus a úsáid, agus faisnéis a choinneáil siar. I measc nithe eile, foráiltear leis do thátail a bhaint as mainneachtain freagra a thabhairt ar cheisteanna ábhartha agus don tréimhse coinneála a fhadú in imthosca áirithe.
Tháinig an tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009 i bhfeidhm an 23 Iúil 2009. Ba é príomhchuspóir an Achta bearta breise a thabhairt isteach atá spriocdhírithe ar choireacht eagraithe a chomhrac.
I measc nithe eile, foráiltear leis an Acht do chionta áirithe a chur faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Foráiltear le halt 8 den Acht go bhfuil cionta tromaí áirithe coireachta eagraithe faoi Chuid 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 ina gcionta sceidealta chun críocha Chuid V den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939.
Go bunúsach, tugtar cead leis sin don Chúirt Choiriúil Speisialta trialacha a éisteacht le haghaidh na gcionta i gceist gan dochar do chumhacht an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí chun a ordú nach gcuirfear duine ar aghaidh chun trialach ag an gcúirt sin.
Is iad seo na cionta atá i gceist: eagraíocht choiriúil a stiúradh; páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eagraíochta coiriúla nó rannchuidiú lena gníomhaíochtaí; cion a dhéanamh ar son eagraíochta coiriúla agus cionta den sórt sin i gcás go ndearna comhlachtaí corpraithe iad.
Bunaíodh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách i mí Feabhra 2021. Is é an Breitheamh Onórach Michael Peart, iar-Bhreitheamh den Chúirt Achomhairc, cathaoirleach an Ghrúpa. Tá sé de chúram ar an ngrúpa gach gné de na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit a scrúdú, agus na nithe seo á gcur san áireamh:
an bhagairt reatha ó sceimhlitheoireacht intíre/idirnáisiúnta agus ó choireacht eagraithe;
an dualgas i leith córas cothrom éifeachtach dlí choiriúil a sholáthar chun cosaint na bpobal agus slándáil an Stáit a chinntiú;
Oibleagáidí na hÉireann maidir le cearta Bunreachtúla, cearta na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus an dlí idirnáisiúnta.
Déanfar an t-athbhreithniú i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, na gníomhaireachtaí reachtúla agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta lena mbaineann.
Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí an 9 Iúil. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig www.oasareview.ie