Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €172,000 don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sraith deontas faoi Scéim na Roinne um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann. Cheadaigh an tAire leithdháiltí €172,983 chun tacú le tionscadail chultúrtha a bhfuil gnéithe suntasacha trasteorann acu.
Tá sé mar aidhm ag tionscadail bheaga neamhspleácha a mhaoinítear faoin scéim feabhas a chur ar, nó ceiliúradh nó comóradh a dhéanamh ar ealaín, ar chultúr, ar cheol, ar scannáin nó ar oidhreacht Oileán na hÉireann ar bhonn Thuaidh/Theas.
Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chabhraigh le:
Bainfidh sé thionscadal déag leas as, le huasmhéid maoinithe €15,000. Beidh taispeántais, féilte agus léirithe damhsa i measc na dtionscadal agus beidh comhlachtaí ar dhá thaobh na teorann ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha agus ina measc beidh “Tradition. Past Tense. Future Tense. Present Tense" le Echo Echo Dance Company i nDoire agus scannán a léireofar i gcomhar le hIontaobhas Oidhreacht na hÉireann agus Ollscoil na Banríona Béal Feirste ag mapáil bhóithre an Ghorta Mhóir.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
"Tá an-áthas orm na leithdháiltí faoin Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2022 a fhógairt. Tar éis tréimhse fhada dhúshlánach de shrianta cúramacha, is féidir linn na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí is fearr linn a phleanáil arís. Soláthraíonn an scéim seo ardán le haghaidh malartuithe cultúrtha agus comhthionscadail ó eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn. Tá maoiniú do raon éagsúil tionscadal ó scannánaíocht, grianghrafadóireacht, ceol agus rince go fiontair teanga san áireamh i leithdháiltí na bliana seo. Guím gach rath orthu siúd a ghlacann páirt sna himeachtaí seo agus táim ag tnúth le comhoibriú na n-eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn a fheiceáil ag baint sult as an raon leathan imeachtaí atá ar siúl sna míonna atá romhainn."
Iarratasóir | Contae an Fhorais a Maoiníodh | Gné Thuaidh/Theas | Cur síos ar an Tionscadal | Maoiniú |
Cinemagic Film Festival for Young People | Aontroim | Rannpháirtíocht Thuaidh Theas oscailte do gach duine ar oileán na hÉireann | Cuirfidh Cinemagic raon leathan taispeántas fhéile scannán agus gníomhaíochtaí forbartha scileanna ar fáil | €11,250 |
Muintir na Tíre Mhísil | Ceatharlach | Comhoibriú idir Muintir na Tíre Mhísil i gCeatharlach agus Cairde Columbanus Bheannachair sa Dún | Pobail a athnascadh trí chomhoidhreacht chultúrtha Naomh Colmcille | €9,300 |
Not Your Average Hooley (NYAH) | An Cabhán | Comhoibriú idir NYAH sa Chabhán agus Ionad Oidhreachta Cultúrtha Dhún Uladh i dTír Eoghain | Féile bheo agus dhigiteach a thugann tallann trasteorann le chéile – scéalaithe, amhránaithe, rinceoirí & ceoltóirí ón dá thraidisiún ag cothú na síochána agus an athmhuintearais i gCabhán agus i dTír Eoghain agus ag casadh le chéile ag ceolchoirmeacha & ceardlanna ceoil Uladh | €15,000 |
Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae an Chábháin | An Cabhán | Comhoibriú idir Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae an Chabháin agus Flax Arts Studios i mBéal Feirste | Saothar ealaíne rannpháirtíoch nua dar teideal The Waking Walls i suíomh Loch Uachtair, atá suite i réigiún na teorann idir Co. an Chabháin agus Co. Fhear Manach, a dhíríonn ar thraidisiúin caointe a roinntear mar léiriú ar imní éiceolaíochta an lae inniu. | €11,250 |
Ionad Ealaíon Sirius | Corcaigh | Comhoibriú idir Ionad Ealaíon Sirius i gCorcaigh agus an tIonad um Ealaín Chomhaimseartha i nDoire | Léiriú scannáin, dar teideal sealadach 2 Channel Land, i gcomhar leis an Ionad um Ealaín Chomhaimseartha i nDoire agus le tacaíocht ó aemi, Baile Átha Cliath. | €7,000 |
Echo Echo Dance Theatre Company | Doire | Comhoibriú idir Echo Echo Dance Company i nDoire, Siamsa Tíre - Amharclannaíocht Tíre Náisiúnta na hÉireann i gCiarraí and Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire | Féile 5 lá ag díriú ar léiriú damhsa le healaíontóirí atá fréamhaithe i gcleachtais damhsa traidisiúnta na hÉireann | €10,808 |
Éabhlóid | Dún na nGall | Comhoibriú idir Éabhlóid i dTír Chonaill agus Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste | Podchraoladh Bhláth na dTulach | €10,500 |
Cruit Éireann | Baile Átha Cliath | Comhoibriú idir Cruit Éireann i mBaile Átha Cliath agus Reclaim the Enlightenment i mBéal Feirste | Féile chomhoibríoch chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó tháinig na cruitirí le chéile i mBéal Feirste in 1972 agus chun saothar an orgánaigh agus an bhailitheora Edward Bunting a cheiliúradh. | €15,000 |
Leabhair Pháistí Éireann | Baile Átha Cliath | Comhoibriú idir Leabhair Pháistí Éireann agus Iontaobhas Leabhair Thuaisceart Éireann | Comhthionscadal le hIontaobhas Leabhair Thuaisceart Éireann chun leabhair le carachtair éagsúla agus ionadaíocha a thabhairt isteach i seomraí ranga bunscoile ar fud oileán na hÉireann | €10,000 |
Ionad ADAPT (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) | Baile Átha Cliath | Comhoibriú idir Ionad ADAPT i mBaile Átha Cliath, Coláiste na Modhach, Béal Feirste, Meánscoil Phádraig i gCill Dara, CBC Baile na Manach i mBaile Átha Cliath agus Coláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath | Sraith nua ábhair theangeolaíochta cultúrtha don bhliain 2022 a dhearadh agus a fhorbairt le haghaidh ceardlanna trasteorann do dhaltaí meánscoile 13-19 mbliana d’aois agus dá gcuid múinteoirí. | €11,000 |
Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Baile Átha Cliath | Comhshaothar idir Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann agus Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. | Ag mapáil bhóirthe an Ghorta Mhóir, scannán oideachasúil agus taispeántas fíorúil | €5,700 |
Gailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann | Baile Átha Cliath | Comhoibriú idir an Gailearaí Grianghrafadóireachta i mBaile Átha Cliath, Féile Grianghraf Bhéal Feirste agus Source Magazine i mBéal Feirste | 4 phríomheagraíocht ghrianghrafadóireachta a thabhairt le chéile chun líonra comhpháirtíochta Thuaidh-Theas nua a chruthú chun tacú le cleachtais ghrianghrafadóireachta chomhaimseartha atá ag teacht chun cinn ar an oileán, agus iad a fhorbairt agus a thaispeáint. | €15,000 |
HD EIBF LTD (Arts Over Borders) | Baile Átha Cliath | Tugann imeachtaí Arts Over Borders ealaíontóirí agus cuideachtaí ealaíon Éireannacha ó dhá thaobh na teorann le chéile faoi scáth ilealaíon ceoil, amharclannaíochta, litríochta, rince, scannáin físealaíne agus suiteálacha a bhaineann go sonrach leis an suíomh. | 10th Anniverserary Beckett & Friel Festival | €11,175 |
Louth Contemporary Music Society | An Lú | Tionscadal trasteorann ina roinnfear cultúr agus ceol ó cheantair éagsúla. Beidh an léiriú ar siúl i gCairlinn atá i gceantar ársa Oirialla atá ar dhá thaobh na teorann. | Léiriú ceoil ina mbeidh ceoltóirí traidisiúnta trasteorann ag seinm Work in C., saothar íocónach Terry Riley. Is as Béal Feirste, Aontroim agus Lú go príomha a bheidh na ceoltóirí agus iad faoi stiúir Ciarán Ó Meachair. | €3,750 |
CCÉ Mheitheal an Iarthair | Sligeach | Comhoibriú idir CCE Mheitheal an Iarthair sa Chabhán agus Ionad Oidhreachta Cultúrtha Dhún Uladh i dTír Eoghain | Ceolfhoireann cheoil tíre a bhunú ina mbeidh 50 duine óg, ó Thuaisceart Éireann agus Iarthuaisceart na hÉireann, ag coimisiúnú cumadóra chun ceol nua a chruthú don cheolfhoireann | €11,250 |
Herstory | An Iarmhí | Comhoibriú idir Herstory san Iarmhí agus Músaem Náisiúnta Thuaisceart Éireann | Peace Heroines, tionscadal nua ildisciplíneach ealaíon agus oidhreachta a cruthaíodh i gcomhpháirtíocht le Herstory (Theas) agus Iarsmalanna Náisiúnta Thuaisceart Éireann (Thuaidh) chun oideachas a chur ar dhaltaí meánscoile agus ar an bpobal ar an dá thaobh den teorainn, faoi ról cinntitheach na mban i próiseas síochána Thuaisceart Éireann. | €15,000 |
Maoiniú Iomlán | €172,983 |