Ceadaíonn McConalogue scéim tacaíochta d’fheirmeoirí atá buailte ag tuilte i gCo. Loch Garman
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu gur cheadaigh sé scéim chun tacú le feirmeoirí na curaíochta a raibh tionchar ag leibhéil eisceachtúla na báistí i gCo. Loch Garman le linn tréimhse na Nollag seo caite. Mar thoradh ar an mbáisteach, cailleadh roinnt barra go hiomlán i gceantar áitiúil ar leith.
Cuirfidh an Scéim tacaíocht suas le €400 in aghaidh an heicteáir d’fheirmeoirí na curaíochta atá lonnaithe i gceantair an tSlaba Theas agus Inis Slaba i gCo. Loch Garman a raibh orthu barraí geimhridh ar a ndearnadh dochar glan de bharr tuilte a athphlandú.
Ag fógairt na Scéime, dúirt an tAire McConalogue,
“Tar éis dom á chur ar an eolas faoin dochar suntasach a rinne imeachtaí gan fasach na haimsire i Loch Garman an Nollaig seo caite , chuaigh mé i gcomhpháirt le mo chomhghleacaithe parlaiminte i Loch Garman agus d'oibríomar go dian chun scéim tacaíochta airgeadais a chur i bhfeidhm d'fhonn cúnamh díreach an airgeadais a thabhairt dóibh siúd ba mhó a bhí buailte ag na tuilte. Déanfaidh an maoiniú seo fritháireamh ar chostais athphlandáil na mbarra earraigh, atá ríthábhachtach i bhfianaise na n-imeachtaí domhanda reatha, á n-íoc ag na feirmeoirí sin”.
Dúirt an tAire:
“Cuireann an scéim seo, in éineacht le Scéim Ionchorpraithe na Tuí, Scéim Cúnamh na bPróitéine agus Scéim €12m Dreasachta na Curaíochta, tacaíochtaí an-láidir ar fáil do na feirmeoirí san earnáil ríthábhachtach seo le haghaidh an spleáchas atá againn ar an mbia allmhairithe a laghdú agus le haghaidh stoc riachtanach an bhia a sholáthar i bhfianaise ghéarchéim na hÚcráine”.
Déanfar an íocaíocht ach amháin i leith an limistéir ar ghá athphlandú a dhéanamh air in earrach na bliana 2022. Bainfear úsáid as iniúchtaí na talún arna dtacú ag íomhánna satailíte chun chabhrú le riaradh éifeachtach na scéime agus chun íocaíochtaí pras a chinntiú dóibh lena mbaineann. Bainfidh íosachar 2 heicteár agus uas-achar 20 heicteár leis an Scéim.