Cead ón gCoimisiún Eorpach don 10ú Leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe lorgtha ag McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil an deichiú leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe (RDP) curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena cheadú.
Agus é ag fógairt na haighneachta, dúirt an tAire McConalogue,
“Is leasú tábhachtach é seo ar an gClár Forbartha Tuaithe. Cuirfidh sé an maoiniú AE a comhaontaíodh san idirbheartaíocht buiséid anuraidh i bhfeidhm go foirmiúil, agus tógfaidh sé ar na bearta RDP atá i bhfeidhm cheana féin chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’feirmeoirí agus do phobail tuaithe chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch glas. Bhreithnigh an Coiste Faireacháin an leasú, agus táthar ag súil le cead ón gCoimisiún Eorpach sna míonna amach romhainn. Is céim eile é seo dár dtiomantas ioncaim ár dteaghlach feirme a chosaint agus a fheabhsú. "
Forálann an leasú do chur i bhfeidhm raon beart le linn na hidirthréimhse dhá bhliain idir RDP 2014-2020 agus Plean Straitéiseach nua an CBT. Ina measc seo tá leanúint le bearta RDP atá ann cheana chomh maith le tionscnaimh nua atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin bhithéagsúlachta, aeráide agus comhshaoil, agus ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn i gceantair thuaithe. I measc samplaí de thionscnaimh nua tá an beart corpraithe tuí a fógraíodh le déanaí, comhoibriú ar chur chuige nuálacha maidir le sábháilteacht feirme faoi struchtúr EIP-AGRI, agus cláir bhithéagsúlachta feirme agus samplála ithreach. Chomh maith le maoiniú náisiúnta, maoineofar na bearta ar leibhéal an AE trí mheascán den Chiste Talmhaíochta Eorpach um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD), agus maoiniú spriocdhírithe de €190 milliún ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI).
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Leagtar conair amach dúinn i gclárú an mhaoinithe seo agus muid ag iarraidh tacú le feirmeoirí, le comhairleoirí agus le pobail tuaithe aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ollmhóra comhshaoil atá romhainn, agus iad ag déileáil ag an am céanna le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 agus leis an téarnamh uaidh. "
Leithdháileadh beagnach €190m ar Éirinn i maoiniú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) don idirthréimhse. Tá sé seo maoinithe 100% ag an AE, agus beidh se cláraithe tríd an gClár Forbartha Tuaithe in 2021 agus 2022 le caiteachas féideartha go dtí deireadh 2024.
Tá sé beartaithe an maoiniú a leithdháileadh ar bhearta atá ann cheana féin agus ar bhearta nua de réir cheanglais an EURI chun cur le hathshlánú glas agus digiteach na hEorpa. Fógraíodh cuid de na scéimeanna cheana féin tar éis an bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair agus tá an próiseas iarratais ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear an Beart Corpraithe Tuí, ath-fhliuchadh EIP-AGRI agus scéimeanna faoi stiúir áitiúil, an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach atá athoscailte, agus an Scéim Sláinte agus Sábháilteachta EIP-AGRI. Leathfar eilimintí eile amach sna míonna amach romhainn. Tá gach beart molta faoi réir cheadú Choimisiún an AE don 10ú leasú. Fuarthas maoiniú de €56m i mbuiséad Dheireadh Fómhair do 2021, agus cuirfear maoiniú breise ar fáil sna blianta amach romhainn d’fhonn gealltanais a chomhlíonadh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Tábla 1: Leithdháiltí Maoinithe Molta EURI (faoi réir Cheadú an AE)
Tábla 1: Leithdháiltí Maoinithe Molta EURI (faoi réir Cheadú an AE)
CRÍOCH