Ceapadh Cathaoirleach Eatramhach ar an mBord Pleanála
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag a chruinniú inniu, an 25 Iúil, d'aontaigh an rialtas Peter Mullan a cheapadh ina Chathaoirleach Eatramhach ar an mBord Pleanála.
Déanfar an tUasal Mullan a cheapadh ina Chathaoirleach eatramhach le húsáid cumhachtaí an Aire faoi fhorálacha reatha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 arna leasú.
Rachaidh an tUasal Mullan i mbun a phoist ar an 02 Meán Fómhair 2023 nuair a aistreoidh an Cathaoirleach eatramhach reatha, Bean Uasal Oonagh Buckley, chuig a ról nua mar Ard-Rúnaí na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Guíonn an rialtas gach rath ar Bhean Uasal Buckley ina ról nua agus gabhann sé buíochas léi as a tréimhse sa Bhord Pleanála.
Tá socruithe á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun Cathaoirleach téarma iomlán (seacht mbliana), agus Gnáthchomhaltaí buana Boird, a earcú chuig Bord an Bhoird Pleanála. Déanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) na feachtais earcaíochta seo a éascú.
Sonraí beathaisnéise
Is aturnae de réir gairme é Peter Mullan agus chuaigh sé isteach sa tseirbhís phoiblí in 2012 tar éis beagnach 20 bliain i gcleachtas príobháideach mar aturnae a dhéanann speisialtóireacht sa dlí coiriúil agus sa dlíthíocht.
Ceapadh Peter ar an mBord Pleanála den chéad uair mar chomhalta sealadach den Bhord i mí Eanáir 2023. Bhí post ag Peter mar Rúnaí Cúnta sa tSeirbhís Chúirteanna sular ghlac sé lena ról ar an mBord Pleanála. Sa ról seo bhí Peter freagrach as Oibríochtaí na gCúirteanna Cuarda agus Dúiche. Bhí an ról seo ag Peter ó 2018.
Roimhe sin, bhí Peter ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar feadh roinnt blianta agus ina Phríomh-Aturnae Ionchúisimh in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, a chéad ról sa tSeirbhís Phoiblí. Is céimí de chuid Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (COBÁC) é Peter, mar ar bhain sé Céim Dlí (BCL) amach in 1984. Thug sé faoi Dhioplóma Iarchéime sa Riarachán Sóisialta in COBÁC in 1985. Chláraigh sé ar Rolla an Aturnae in 1993.