Ceapann an tAire Pippa Hackett soláthraí seirbhíse chun tabhairt faoi athbhreithniú ar mhargaí féideartha do tháirgí olla
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Pippa inniu gur ceapadh an Fheidhmeannacht Lúfar (The Agile Executive), cuibhreannas taithíoch ina bhfuil of saineolaithe ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus Donegal Yarns chun tabhairt faoi athbhreithniú ar an éileamh féideartha i margaí idirnáisiúnta agus intíre ar tháirgí olannbhunaithe. Rinneadh an ceapachán seo i ndiaidh próiseas soláthair phoiblí iomaíoch ina raibh soláthraithe seirbhíse taithíocha chun tabhairt faoi athbhreithniú ar dheiseanna féideartha margaidh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta do tháirgí olannbhunaithe agus tuarascáil a chur le chéile ar a dtorthaí.
Dúirt an tAire:
"Is feirmeoir caorach mé féin, is maith is eol dom na dúshláin agus na saincheisteanna a mbíonn an earnáil olla thíos leo. Sin an fáth go bhfuil gliondar croí orm a fhógairt gur ceapadh an Fheidhmeannacht Lúfar chun tabhairt faoin athbhreithniú seo a cheapaim a chríochnófar sa chéad ráithe in 2022. Creidim go gcabhróidh an tuarascáil, nuair a chuirfear le chéile í, liom chun treochlár a fhorbairt maidir le Tionscal Olla na hÉireann agus cabhróidh sé le beartas amach anseo maidir le holann a mhúnlú faoi mar a shamhlaím é i gClár an Rialtais.’
Tar éis na fógartha, dúirt ceannasaí Chuibhreannas na Feidhmeannachta Lúfaire, an tUasal Patrick Byrne;
‘Tá gliondar croí orainn gur cheap an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sinn leis an tionscadal an-tábhachtach seo. Deis atá ann seo chun oibriú le príomhpháirtithe leasmhara tionscail agus le táirgeoirí tosaigh le deiseanna nua a shainaithint le táirgí breisluacha a chruthú ó olann Éireannach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair agus a chuirfidh níos mó le Bithgheilleagar Ciorclach na hÉireann.'
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Bunaíodh an Fheidhmeannacht Lúfar in 2019 agus oibríonn sé ar roinnt clár atá urraithe ag an tionscal do FBManna agus fiontair dhúchasacha, a úsáideann soláthar acmhainní agus cuibhreannais sholúbtha chun acmhainní a sholáthar do thionscadail chasta.
CRÍOCH