Ceapann an tAire Hackett KPMG chun athbhreithniú mór a dhéanamh ar an Tionscal Gairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Súil le tuarascáil maidir le deiseanna leathnaithe faoi Aibreán 2022
Anailís chun Barra allamuigh, Barra cosanta, Bogthorthaí Barrthorthaí, taitneamhacht, Earnálacha na bprátaí agus na mbeacán a chlúdach
Bhuail an tAire Stáit Pippa Hackett inniu le baill d’fhoireann KPMG a dhéanfaidh athbhreithniú mór ar thionscal na Gairneoireachta in Éirinn.
Ag labhairt di i dTeach Talmhaíochta faoin tairiscint, abhuaigh KPMG, a sholáthróidh moltaí ar léarscáil bhóithre do thodhchaí earnáil gairneoireachta na hÉireann, dúirt an tAire:
“Táim ag súil go mór leis an tuarascáil seo a sheachadadh laistigh de 6 mhí. Creidim go bhfuil an tionscal Gairneoireachta lán de dheiseanna, ach teastaíonn fianaise chrua uainn chun muid a chur ar an eolas faoin mbealach is fearr is féidir linn tacú leis an earnáil thábhachtach seo agus í a fhás sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, tá lúcháir orm KPMG a fheiceáil ag tosú ar obair ar an tuarascáil seo a dhéanfaidh staid reatha an tionscail in Éirinn agus ar fud a chuid earnálacha éagsúla a mheas mar aon le deiseanna a aithint don todhchaí. Tá a fhios againn go bhfuil béim agus feasacht mhéadaitheach ar tháirgeoirí gairneoireachta áitiúla, dá bhrí sin is am tráthúil é seo chun spreagadh a thabhairt d'iontrálaithe nua agus slabhraí soláthair a neartú agus a ghiorrú ionas gur féidir leo allmhairí a athsholáthar. Chun é sin a dhéanamh, caithfimid tacú leis na ceannlínte agus plean a oibriú amach le go n-éireoidh le gairneoireacht na hÉireann."
Déanfaidh an tuarascáil measúnú ar staid reatha thionscal na gairneoireachta in Éirinn ar fud a hearnálacha éagsúla (Barraí allamuigh, Barraí cosanta, Bogthorthaí, Barrthorthaí, Taitneamhacht, earnálacha na bPrátaí agus na Beacán). Déanfaidh sé anailís mhionsonraithe ar gach earnáil, ag clúdach raon leathan réimsí lena n-áirítear éagsúlú, athrú aeráide, táirgí orgánacha agus comhtháite, táirgeadh, bealaí chun an mhargaidh, T&F, cur chun cinn, aistriú go meáin inbhuanaithe fáis agus bainistíocht eolais.
Ag fáiltiú di roimh thacaíocht an Fhóraim um Thionscal Gairneoireachta, IFA, Teagasc agus Bord Bia, don athbhreithniú seo, dúirt an tAire:
“Aithníonn an Clár Rialtais, straitéisí Farm to Fork an AE agus straitéisí Bithéagsúlachta an AE, agus FoodVision 2030 a foilsíodh le déanaí, an tábhacht chriticiúil a bhaineann le slándáil bia, agus ligfidh an tuarascáil seo, mar aon leis an bplean cur chun feidhme a leanfaidh, don earnáil gairneoireachta ról lárnach a bheith aici i gcónaí lena chothabháil. Ní tasc éasca a bheidh ann. Tá a fhios agam go bhfuil go leor réimsí le hiniúchadh ach tá sé seo thar a bheith tábhachtach, agus ba mhaith liom go gcuirfí an tuarascáil seo ar fáil faoi Aibreán 2022."
Chríochnaigh an tAire ag cur béime ar an gcion an-luachmhar a dhéanann an earnáil gairneoireachta don gheilleagar:
“B'ionann an aschur suntasach na hearnála gairneoireachta in 2020 agus €467m.Tá sí ar an 4ú earnáil is airde ó thaobh luacha de, agus níl ach mairteoil, déirí agus muca níos mó.Fostaíonn sí 6,600 ball foirne lánaimseartha i bpríómhtháirgeadh agus tá 11,000 eile fostaithe i ngnólachtaí iartheachtacha. Ach creidim nach chóir breathnú ar na figiúirí seo ach mar thús. Tá go leor spáis ann le haghaidh fáis agus forbartha, agus ba mhaith liom go gcuideodh an tuarascáil seo linn tógáil i bhfad níos mó ar a bhfuil á dhéanamh againn cheana féin"