Cuireann an tAire Butler fáilte roimh Threoir nuashonraithe do Thithe Altran ais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, roimh fhoilsiú an athbhreithnithe is déanaí ag an FSS agus ag an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) ar an Treoir um Chosc agus Rialú Ionfhabhtaithe (IPC) le haghaidh saoráidí cúram cónaithe fadtéarmach. Tagann sé i bhfeidhm inniu, an 4 Iúil 2022.
Áirítear leis an treoir athbhreithnithe sraith prionsabal chun tacú le rochtain agus cuairt ar thithe altranais. Tagann na prionsabail seo laistigh den phríomhdhoiciméad treorach in ionad treorach ar leith ar chuairt atá scortha anois. Léiríonn seo tionchar dearfach na gclár vacsaínithe agus teanndáileog i measc cónaitheoirí tithe altranais agus baill foirne i dtéarmaí leibhéal an ionfhabhtaithe agus déine an ghalair a laghdú.
Is í an chomhairle sláinte poiblí fós gur cheart rochtain iomlán ar chuairt a éascú ach ag leanúint ar aghaidh freisin ag aithint an gá atá le bheith aireach agus muid ag dul i ngleic leis na rioscaí athraitheacha a bhaineann le COVID-19. Coinneofar athbhreithniú ar an treoir de réir mar a thagann fianaise agus sonraí nua chun cinn.
Ag fáiltiú roimh an treoir nuashonraithe, dúirt an tAire Butler:
“Tá an-áthas orm a bheith in ann an treoir nuashonraithe seo a dhearbhú, a chuimsíonn prionsabail shoiléire chun tacú le cuairteanna ar thithe altranais. Déanfaidh sé seo normalú ar chuairteanna i dtithe altranais agus béim láidir á choinneáil ar an tábhacht a bhaineann le nósanna imeachta maithe IPC. Tá ról an-tábhachtach ag an gcuairt maidir le tacú le cearta agus folláine daoine a chónaíonn i dtithe altranais chun caidreamh bríoch a choinneáil leo siúd atá tábhachtach dóibh. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil aird againn ar na cearta seo agus go n-éascaítear iad agus ba chóir cuimhneamh i gcónaí gur tithe cónaitheoirí iad tithe altranais, go gcaithfear tacú leo maireachtáil mar a dhéanfaidís ina dteach féin chomh fada agus is féidir”.
Leagtar amach sa treoir a foilsíodh an tseachtain seo na prionsabail bhunaithe seo a leanas:
Ní mór do gach duine a fhaigheann rochtain ar theach altranais cloí leis na treoracha maidir le cleachtais riachtanacha um chosc agus um rialú ionfhabhtuithe, agus níor cheart d’aon duine a bhfuil siomptóim COVID-19 nó galair thógálacha eile orthu cuairt a thabhairt.
Tá an treoir ar fáil ar shuíomh Gréasáin an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte.