Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas John Callinan a cheapadh ina Ard-Rúnaí don Rialtais agus d’Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas inniu John Callinan a cheapadh ina Ard-Rúnaí don Rialtais agus d’Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh, ar mholadh an Taoisigh. Tiocfaidh an ceapachán i bhfeidhm ón 3 Bealtaine.
Tá John Callinan ina Dhara Ard-Rúnaí i Roinn an Taoisigh ón mbliain 2016, le freagracht as an Rannán um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Aontais Eorpaigh agus Rannán na Breataine agus Thuaisceart Éireann lena n-áirítear an tAonad um Oileán Comhroinnte. Le linn an ama seo bhí sé ina “Sheirpeach” (comhairleoir sinsearach AE) don Taoiseach agus bhí ról tábhachtach aige in idirbheartaíochtaí an Bhreatimeachta.
Thosaigh sé ag obair i Roinn an Taoisigh i 1998, agus is ball é de Bhord Bainistíochta na Roinne ó ceapadh é ina Ard-Rúnaí Cúnta in 2007. D’oibrigh sé go dlúth le cúigear Taoiseach as a chéile agus bhí poist cheannaireachta aige i ngach mór-réimse beartais na Roinne.
Sular thosaigh sé i Roinn an Taoisigh, d’oibrigh Callinan i réimsí éagsúla sna Coimisinéirí Ioncaim. Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, chaith sé ceithre bliana sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil.