Athbhreithniú ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge – seirbhís sainchomhairleoireachta á lorg
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Deis ag tairgeoirí tairiscint a dhéanamh ar chóras eTenders
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag lorg tairiscintí i gcomhair seirbhís sainchomhairleoireachta d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge agus chun moltaí a dhéanamh i dtaobh dhearadh agus reáchtáil an Tionscnaimh sna blianta go 2030.
Beidh an tairgeoir rathúil ag déanamh anailís ar éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí oiliúna, faisnéise agus feasachta atá á maoiniú faoi láthair faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge agus ar an luach ar airgead a ghabhann leis na gníomhaíochtaí sin agus ar na gníomhaíochtaí oiliúna, faisnéise agus feasachta sa réimse tríú leibhéal a bheidh de dhíth sa tréimhse ó 2025 go 2030, agus beidh moltaí sonracha le déanamh i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin.
Faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, cuirtear maoiniú ar fáil d'institiúidí tríú leibhéal in Éirinn le haghaidh sainchúrsaí ina gcuirtear oiliúint ar mhic léinn sna scileanna atá ag teastáil do ghairmeacha le Gaeilge san AE. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndeiseanna fostaíochta san AE do chainteoirí Gaeilge ó fógraíodh go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil san AE in 2007.
Tá an Iarraidh ar Thairiscintí oscailte le haghaidh aighneachtaí ar ardán eTenders go dtí an 12 Márta 2024.
Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:
“Tá ról fiúntach ag an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge le tamall ó thaobh daoine óga a spreagadh agus a oiliúint chun oibriú trí Ghaeilge san Eoraip. Measaim go leanfaidh an Tionscnamh seo de bheith ríthábhachtach lena chinntiú go bhfuil dóthain ateangairí, aistritheoirí agus dlítheangeolaithe ar fáil againn chun freastal ar riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Gaeilge de. Tá súil agam go gcabhróidh torthaí an athbhreithnithe seo le todhchaí na scéime seo a threorú agus go dtabharfaidh siad deis dúinn cur leis an tionscnamh thar a bheith tábhachtach seo, i bhfianaise riachtanais leanúnacha na n-institiúidí Eorpacha agus i bhfianaise riachtanais an státchórais abhus in Éirinn sna blianta seo romhainn ó thaobh cainteoirí oilte Gaeilge de.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Foilsíodh an Iarraidh ar Thairiscintí ar eTenders ar an 6 Feabhra 2024.