Tugann an tAire McConalogue an t-eolas is deireanaí ar na scórchártaí ACRES
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, an
t-eolas is deireanaí ar na scórchártaí ACRES a fuair a Roinn mar chuid den Scéim Comhshaoil Tuaithe Agra-aeráide (ACRES).
Ag fógairt an eolais ar stádas na scórchártaí dúirt an tAire McConalogue:
“Tá lúcháir orm leis an mhéid scórchártaí atá líonta ina n-iomlán atá faighte ag mo Roinn agus an ráta curtha isteach anois thar 98%. Is cuid bhunúsach d'ACRES iad íocaíochtaí torthaí-bhunaithe agus úsáid scórchártaí chun an uaillmhian chomhshaoil a bhronnadh thar feirmeacha in Éirinn. San iomlán eisíodh níos mó ná 170,000 scórchárta thar 10 gcineál scórchárta.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:
“Tá Éire chun tosaigh i scéim torthaí-bhunaithe náisiúnta a sholáthar, le níos mó na 25% de thalamh táirgeadh talmhaíochta scóráilte anois. Tugtar cúiteamh d'fheirmeoirí anois mar gheall ar ardchaighdeán a ngnáthóg. Is léargas é seo ar an infheistíocht agus ar dhúthracht na bhfeirmeoirí chun na dálaí timpeallachta agus seirbhísí éiceachórais a chaomhnú do gach duine. Mar shampla, cuirfidh ACRES níos mó ná 500,000 crann ar fáil, níos mó ná 2,000 km d'fhálta sceacha agus tabharfaidh na sonraí ó na scórchártaí bunlíne thábhachtach dúinn faoi stádas dála éiceolaíochta ár dtalaimh.”
Lean an tAire ar aghaidh
“Is áis luachmhar iad na scórchártaí seo agus tá siad riachtanach chun ár bhfeirmeoirí a choinneáil ar an eolas faoin dóigh le cáilíocht gnáthóige a chaomhnú agus a fheabhsú sa tírdhreach feirme.
Is léiriú ar chur chuige comhoibritheach agus comhchoiteann ag páirtithe leasmhara, feirmeoirí, comhairleoirí, foirne CP, mo Roinn agus ar fud an Rialtais go bhfuil ag éirí le hACRES agus an soláthar breise seirbhísí éiceachórais.”
D’aithin an tAire an iarracht a rinne comhairleoirí faofa ACREs chun talamh a scóráil le roinnt míonna anuas chomh maith leis an obair a rinne Foireann Tionscadal Comhair (CP) ACRES go mall san Earrach ag tabhairt scórchártaí do ghnáthóga sna saincheantair CP.
Ar deireadh thug an tAire le fios,
“Fuarthas scórchártaí líonta go laethúil, agus thug mé síneadh ama go deireadh Mhí Mheán Fómhair le cinntiú go bhfuil muid san áit is fearr is féidir chun tosú ar íocaíochtaí ACRES atá réidh, níos deireanaí sa bhliain. Tá mo chuid oifigigh anois gníomhach ag fiosrú le comhairleoirí i dtaca le deacrachtaí teicniúla a tháinig aníos ar scórchártaí nach bhfuil curtha isteach go fóill. beidh gach cás a chomhlíon na riachtanais bhailíochtaithe íocaíochtaí san áireamh sa chéad chuid de na híocaíochtaí. Déanfar athbhreithniú ar na cásanna nach gcomhlíonann na riachtanais bhailíochtaithe uilig, scórchártaí a sheiceáil san áireamh, go seachtainiúil, agus íocfar iad chomh luath is atá ceisteanna atá fós le réiteach réitithe.”
Tharraing an tAire aird fosta ar liosta de na hInfheistíochtaí Neamhthairbheacha atá molta a foilsíodh le gairid (NPIeanna) a thig le rannpháirtithe sa chur chuige Comhair ACRE cur isteach orthu. Is cuid tábhachtach iad na NPIeanna le cuidiú le feirmeoirí a dtalamh a bhainistiú níos fearr agus de réir sin b'fhéidir go mbainfear scóir níos airde amach rud a mhéadódh na híocaíochtaí torthaí bunaithe bliantúla.
Tá eolas cuimsitheach maidir le ACRES ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag gov.ie - Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) (www.gov.ie/ga)
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
• Is é an Scéim Comhshaoil Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES) an beart agra-comhshaoil-aeráide faoi Phlean Straitéiseach CBT do thréimhse 2023-2027.
• Tá an scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.
• Tá dhá chur chuige sa scéim:
• ACRES Ginearálta, ar fáil go náisiúnta (taobh amuigh den limistéar geografach ardtosaíochta a shainítear don chur chuige Comhar ACREs), a thairgeann réimse beart (idir rúradh agus thorthaíbhunaithe); agus
• ACRES Comhar, ar fáil d'fheirmeoirí i sainlimistéir gheografacha ardtosaíochta. Taispeánann an léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES do Thráinse 1 na 8 gcrios de Thionscadal Comhair ACRES (‘CP’).
• Thug foireann Thionscadal Comhair ACRES ceann amháin de 10 scórchárta do na gnáthóga cuí go mall san Earrach agus cuireadh tús leis an gcóras do na Comhairleoirí leis an scóráil a chríochnú go luath i Mí Mheithimh.