Teastas Digiteach COVID an AE Seoltar tairseach Tríú Tír inniu in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis rolladh amach rathúil na céime cur chun feidhme tosaigh de Theastas Digiteach COVID an AE in Éirinn tá an Rialtas ag cur seirbhís bhreise leis chun a chur ar chumas shaoránaigh na hÉireann atá vacsaínithe lasmuigh den AE Deimhniú Digiteach COVID a fháil atá bailí in Éirinn agus ar fud an AE.
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. roimh fhógra an lae inniu ag rá:
“D’oibrigh mo Roinn gan staonadh le comhpháirtithe ar fud an Rialtais chun Teastas Digiteach COVID an AE a sheachadadh do phobal na hÉireann. Le breis agus 4 mhilliún deimhniú eisithe, chuidigh an tionscadal seo le tacú le hathoscailt shábháilte ár sochaí agus d’éascaigh sé athbhunú taistil neamhriachtanach. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuilimid ag leathnú na seirbhíse inniu chun ligean do shealbhóirí pas Éireannacha a vacsaíníodh lasmuigh den AE rochtain a fháil ar Theastas Digiteach COVID an AE. Cuirfear an tseirbhís seo ar fáil do shaoránaigh Éireannacha a fuair vacsaíniú i dTuaisceart Éireann ón lá inniu, agus leathnóidh an tseirbhís chuig saoránaigh Éireannacha eile i mí Dheireadh Fómhair. "
Glacfar le hiarratais ó dhaoine aonair 18 mbliana d’aois agus níos sine a bhfuil Pas bailí Éireannach bailí acu agus cruthúnas iontaofa go bhfuair siad cineál vacsaínithe atá údaraithe faoi láthair le húsáid in Éirinn lena n-áirítear:
Beidh an tseirbhís inrochtana ag covidcertificateportal.gov.ie
Dúirt an tAire Stáit um Sholáthar Poiblí agus r-Rialtas, Ossian Smyth TD:
“Ag cur leis an rolladh amach rathúil ar chóras Teastas Covid Digiteach an AE (DCC) ar fud na hÉireann, a bhí ríthábhachtach chun fáilteachas faoi dhíon a oscailt laistigh den tír agus a chuir ar chumas taisteal idirnáisiúnta lasmuigh d’Éirinn, tá lúcháir orm go bhfuil Rialtas na hÉireann in ann anois an rogha DCC AE a thairiscint do shealbhóirí pas Éireannacha a fuair vacsaíniú i dTuaisceart Éireann.
"Le meascán de rátaí arda vacsaíne agus ár gcur chuige maidir le rolladh amach DCC in Éirinn, bhí an réiteach teastais dhigitigh seo ina chuid lárnach dár dtéarnamh ón bpaindéim.Tá córas DCC an AE ag teacht chun cinn go tapa mar an caighdeán defacto do dheimhnithe covid dhigiteacha go hidirnáisiúnta agus tá áthas orainn a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an tseirbhís dhigiteach thábhachtach seo a chur ar fáil níos forleithne. "
Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne T.D.
“Chabhraigh Teastas Digiteach COVID an AE le saorghluaiseacht daoine ar fud an Aontais Eorpaigh a éascú ó seoladh é ag tús an tsamhraidh. Is sampla den scoth é an Teastas Digiteach COVID den chaoi a raibh dlúthpháirtíocht agus comhoibriú an AE ríthábhachtach chun cur ar ár gcumas na dúshláin iomadúla a bhaineann leis an bpaindéim a shárú. Táim an-sásta go n-éascóidh fógra an lae inniu do shealbhóirí pas Éireannacha a chónaíonn lasmuigh den AE agus atá vacsaínithe go hiomlán cheana féin le vacsaín atá ceadaithe ag an EMA a gcearta mar shaoránaigh an AE a thaisteal go saor laistigh den Aontas, lena n-áirítear taisteal ar ais go hÉirinn. "
Scaoilfear an tseirbhís seo i gcur chuige dhá chéim.
Le linn Chéim 1 glacfaidh an tairseach le hiarratais ó shaoránaigh Éireannacha atá vacsaínithe i dTuaisceart Éireann a bhfuil deimhniú vacsaínithe COVID i dTuaisceart Éireann acu le cód QR
Ceanglófar ar iarratasóirí a shealbhú
Tá faisnéis maidir le conas rochtain a fháil ar dheimhnithe vacsaínithe COVID TÉ ar fáil ag: https://www.nidirect.gov.uk/services/coronavirus-covid-19-covid-certificate-ni-residents
Le linn na céime seo glacfaidh an tairseach le hiarratais ó shaoránaigh Éireannacha atá vacsaínithe i ngach tír lasmuigh den AE, ach amháin iad siúd ar bronnadh cinneadh coibhéise orthu toisc go nglactar leis na Deimhnithe COVID a eisítear sna tíortha agus sna críocha sin faoi na coinníollacha céanna le Deimhniú Digiteach COVID an AE.
Ceanglófar ar iarratasóirí a shealbhú
Faoi láthair tá teastais vacsaíne a eisítear ó thríú tíortha á meas chun tacú leis an bpróiseas iarratais don chéim seo agus foilseofar ceanglais shonracha maidir le cruthúnas vacsaínithe de réir sheoladh na tairsí.
D’fháiltigh an tAire um Chúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy, T.D., roimh an bhfógra thar ceann an Diaspóra, ag rá:
“Tabharfaidh bunú na tairsí seo dóchas athnuaite dár Diaspóra a d’fhulaing scaradh fada pianmhar óna dteaghlaigh agus a gcairde. Tá sé mar chuid dár dtiomantas don Diaspóra aghaidh a thabhairt ar bhacainní orthu agus iad ag filleadh abhaile. Tá go leor ann fós nach mbeidh in ann taisteal agus, go dtí go mbeidh siad in ann, leanfaimid orainn ag díriú ár n-iarrachtaí ar chabhrú leo agus ar a chinntiú go mbraitheann ár bpobail agus ár ndaoine thar lear go bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbaile. "