Cinneadh an Rialtais maidir le fóirdheontas taistil do dhaoine faoi mhíchumas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chinn an rialtas go dtabharfaidh an tAire Sláinte an obair ullmhúcháin mhionsonraithe atá riachtanach do scéim nua fóirdheontais taistil agus na forálacha reachtúla gaolmhara chun cinn mar chomhairliúchán le hAirí ábhartha eile.
Leanfaidh Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte ar aghaidh ag déanamh íocaíochtaí le faighteoirí reatha an Liúntais Soghluaisteachta ar feadh tréimhse eile go dtí go ndéanfar cinntí ar an scéim reachtúil nua.
Tá an rialtas ar an eolas faoi riachtanais daoine faoi mhíchumas atá ag brath ar íocaíochtaí aonair a chuireann le rogha agus le neamhspleáchas agus cuirfidh sé seo ar fad san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar mhionsonraí na scéime nua.
Agus é ar an eolas faoi thuarascálacha an Ombudsman maidir le stádas dlíthiúil na scéimeanna um Liúntas Soghluaisteachta agus Deontas Iompair Mhótair i gcomhthéacs na nAchtanna um Stádas Comhionann, chinn an rialtas an dá scéim a dhúnadh d’iarratasóirí nua an 26 Feabhra i mbliana.
Chinn an rialtas an 12 Meitheamh seo caite, gur cheart d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte íocaíochtaí a dhéanamh den Liúntas Soghluaisteachta go sealadach leis na daoine sin atá ag fáil an liúntais faoi láthair ar feadh roinnt míonna eile, ar an mbonn go gcuirfeadh sé seo cosc ar chruatan , agus, ar bhonn eatramhach, strus, imní agus éiginnteacht a mhaolú i measc grúpa leochaileach sa tsochaí.
Tar éis breithniú mionsonraithe a dhéanamh ar Thuarascáil Eatramhach an Ghrúpa Athbhreithnithe faoi chathaoirleacht Sylda Langford, a bunaíodh chun modh malartach a lorg chun soláthar a dhéanamh do riachtanais tosaíochta iompair daoine ar bhealach nach bhfuil contrártha leis na hAchtanna um Stádas Comhionann, chinn an rialtas gur cheart forálacha reachtúla nua a bhunú chun íocaíochtaí aonair a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas trom a dteastaíonn ioncam breise uathu chun aghaidh a thabhairt ar chostais a gcuid riachtanas soghluaisteachta.
Iarradh ar ghrúpa Idir-Roinne tograí mionsonraithe a fhorbairt, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus socruithe riaracháin, agus tuairisciú ar ais don Rialtas.
Chuir an Grúpa Idir-Roinne tograí tosaigh faoi bhráid an rialtais lena mbreithniú agus déanfar iad seo a mheas tuilleadh i bhforbairt na scéime reachtúla nua.
Tá an seasamh atá ann cheana maidir leis an Deontas Iompair Mhótair fós mar a bhí roimhe seo i.e. tá an scéim dúnta. Breithneoidh an Grúpa Idir-Roinne é seo níos déanaí.
CRÍOCH