Ciste bonneagair €35m á fhógairt ag an Aire McConalogue chun tacú le pobail cois cósta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu scéim nua €35m chun céanna agus cuanta poiblí na n-údarás áitiúil ar fud na bpobal cois cósta a athnuachan. Tá an scéim á moladh do mhaoiniú faoi Chúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta an AE (BAR) agus bhí sí ar cheann de mholtaí an Tascfhórsa um Earnáil an Bhia Mara a bhunaigh an tAire tar éis an Bhreatimeachta.
Ag fógairt na scéime dó, dúirt an tAire
“Is deis nach bhfacthas a leithéid riamh an maoiniú seo dár bpobail cois cósta infheistíocht a dhéanamh inár gcuid céanna agus cuanta faoi úinéireacht phoiblí agus cruthóidh sé todhchaí ár bpobail cois cósta. Tá agus beidh tionchar uathúil ag an mBreatimeacht ar ár n-earnáil bia mara i gcomparáid le tionscail eile. Tá lúcháir orm a bheith in ann an leibhéal infheistíochta seo a thairiscint le gur féidir linn bonneagar sábháilte, inrochtana, buan a sheachadadh agus tacú le héagsúlú eacnamaíoch timpeall ár gcósta.”
Tar éis thoradh an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (TCA), bhunaigh an tAire McConalogue Tascfhórsa Bia Mara i mí an Mhárta 2021 chun breathnú ar na tionchair go sonrach ar an earnáil iascaireachta agus ar phobail chósta. Ina thuarascáil, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair seo caite, thug an Tascfhórsa ar aird go bhfuil meath tagtha le blianta anuas ar go leor struchtúr cósta, atá ina sainchomharthaí tíre agus ina n-áiseanna tábhachtacha do na pobail áitiúla, ó thaobh sláine déanmhais agus úsáid éifeachtach. Mar cheann dá mholtaí, mhol an Tascfhórsa Bia Mara go n-úsáidfí an BAR chun athnuachan a dhéanamh ar bhonneagar cósta agus muirí atá faoi úinéireacht phoiblí na hÉireann go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha an Bhreatimeachta a eascraíonn as na himpleachtaí do thionscal iascaireachta na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht seo cuidiú le héagsúlú eacnamaíoch a bhrú chun cinn agus comhlánóidh sé bearta eile ar nós Forbairt Áitiúil faoi Threoir an Phobail trí Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla Iascaigh.
Díríonn an scéim infheistíochta ar thionscadail atá 'réidh le tógáil’ chun spreagadh tógála láithreach a thabhairt do na pobail chósta atá buailte ag an TCA agus tá sí dírithe ar thionscadail den sórt sin suas le €1m de bhuiséad a mhealladh le linn 2022 agus 2023. Tugann an Scéim deis freisin maidir le tionscadail níos mó a mhaoiniú áit a bhfuil nochtadh ar leith don Bhreatimeacht mar gheall ar ghaireacht d’uiscí na RA agus cailliúint deiseanna iascaireachta. Is é an t-údarás áitiúil ar leis an bonneagar muirí ábhartha a dhéanfaidh na tionscadail a sheachadadh.
Spreag an tAire na húdaráis áitiúla chun lánúsáid a bhaint as an deis uathúil seo:
“Bhí drochthionchar ag an mBreatimeacht ar phobail áitiúla cois cósta. Anois tá an deis seo againn tacú le fás eacnamaíoch agus na hiarmhairtí diúltacha ar na pobail seo a mhaolú. Throid Éire go dian ar son leithdháileadh cothrom BAR; anois caithfimid úsáid mhaith a bhaint as.”
Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Scéim a riaradh agus oibreoidh sí go dlúth le húdaráis áitiúla cois cósta lena chinntiú go bhfaighidh tionscadail incháilithe maoiniú.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is ionstraim éigeandála aonuaire speisialta í Cúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta (BAR). Is é cuspóir an BAR tacaíocht a sholáthar chun dul i ngleic leis na hiarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha, sóisialta, críochach agus, i gcás inarb iomchuí, comhshaoil a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i mBallstáit, lena n-áirítear a réigiúin agus a bpobail áitiúla, agus earnálacha, go háirithe sna cinn sin is mó a raibh tionchar dochrach ag an tarraingt siar orthu, agus chun an tionchar diúltach gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Is í Éire an tairbhí is mó de Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta agus an chéad Bhallstát a fuair a réamh-mhaoiniú. Tá úsáid an BAR á rialú ag rialachán AE. Ba ghné thábhachtach iad iascaigh agus pobail chósta den chaibidlíocht ar leithdháiltí BAR na mBallstát.
Moladh i dTuarascáil an Tascfhórsa Bia Mara tionscnamh cúig bliana de €80 milliún chun bonneagar muirí faoi úinéireacht phoiblí a fhorbairt, a ndíreofaí sna blianta luatha ar thionscadail Údaráis Áitiúil “réidh le tógáil” ar scála beag a bheadh maoinithe faoin BAR. Is é an cuspóir spreagadh láithreach tógála a thabhairt do na pobail cois cósta a bhfuil tionchar ag an TCA orthu agus go gcuirfeadh an fhorbairt bonneagair a bheadh mar thoradh air sin ardán níos fadtéarmaí ar fáil chun gníomhaíocht eacnamaíoch nua agus éagsúlaithe a fhorbairt sna pobail chósta seo. Bheadh soláthar an bhonneagair mhuirí feabhsaithe seo faoi úinéireacht phoiblí ina áisitheoir chun feidhmiú comhtháite a cheadú ag leibhéal áitiúil ar thionscnaimh molta eile an Tascfhórsa don earnáil bia mara, tionscnaimh forbartha faoi stiúir áitiúil agus turasóireacht mara.
Tá Coigeartú an Bhreatimeachta: Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil 2022-2023 deartha chun tacú le hearnálacha eacnamaíocha, gnólachtaí agus pobail áitiúla agus chun tacú le cruthú post agus cosaint trí chistí BAR a dháileadh chun bonneagar cósta agus muirí na hÉireann atá faoi úinéireacht phoiblí a fheabhsú, a uasghrádú, a nuachóiriú agus a fhorbairt chun éagsúlú deiseanna eacnamaíocha a éascú. Is é an príomhchoinníoll a bhaineann le húdaráis phoiblí a aisíoc ná go gcaithfidh na costais a thabhaítear a bheith nasctha go díreach le héifeachtaí díobhálacha aistarraingt na RA a chomhrac. Ní mór leas a bhaint as maoiniú ón gCúlchiste roimh dheireadh 2023. Beidh ar údaráis áitiúla na coinníollacha seo agus coinníollacha eile a chomhlíonadh chun leas a bhaint as an maoiniú.
CRÍOCH