Coimisiúnaíonn an tAire McConalogue árthach taighde mara nua na hÉireann an ‘RV Tom Crean’ i mBa an Daingin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tUasal Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, coimisiúnú foirmiúil ar árthach taighde mara nua na hÉireann, an RV Tom Crean, ag ócáid i nDaingean Uí Chúis.
Dúirt an tAire Mc Conalogue:
“Tá aigéan na hÉireann ríthábhachtach dár ngeilleagar, dár dtimpeallacht, agus do go leor gnéithe dár saol laethúil. Ní raibh sé chomh tábhachtach riamh ár dtuiscint ar an Aigéan a fheabhsú. Tugaimid aghaidh ar na dúshláin mhóra dhomhanda idirnasctha a bhaineann le hathrú aeráide, bithéagsúlacht agus slándáil bia. Tá tuiscint ar an Aigéan agus ar na hathruithe a tharlaíonn laistigh de ríthábhachtach don todhchaí, ar muir agus ar tír.”
Cinnteoidh an t-árthach nua go leanann Éire ar aghaidh ag soláthar na comhairle eolaíochta is fearr a bheidh mar bhonn agus thaca ag príomhchinntí ar cheisteanna iascaigh agus muirí/aigéin chun forbairt inbhuanaithe acmhainn mhuirí fhairsing na hÉireann a chinntiú. Cuirfidh an RV Tom Crean ar chumas na hÉireann maoiniú taighde ríthábhachtach AE a chinntiú do thaighde muirí agus comhpháirtíochtaí láidre taighde muirí idirnáisiúnta á gcothabháil ag an am céanna.
Tabharfaidh an t-árthach faoi obair eolaíoch riachtanach láithreach, a thacóidh le go leor de na tionscadail a leagtar amach i gClár an Rialtais; lena n-áirítear measúnuithe iascaigh, fuinneamh in-athnuaite eischósta, pleanáil spásúil mhuirí, limistéir mhuirí chosanta agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le hathrú aeráide.
Ag labhairt dó ag an gcoimisiúnú, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm a bheith anseo i nDaingean Uí Chúis inniu chun an RV Tom Crean a choimisiúnú go foirmiúil i seirbhís. Cuirfidh an t-árthach úrscothach seo ar chumas na hÉireann a bheith ar thús cadhnaíochta in obair thaighde ríthábhachtach aigéin. Tá bród orm a bheith in ann a rá gur seachadadh an long taobh istigh den bhuiséad agus in am. Mar náisiún oileánda, táimid ar theorainn an Atlantaigh, aigéan a thiomáineann ár n-aeráid. Tabharfaidh an t-árthach taighde nua seo faoi obair eolaíoch riachtanach láithreach, a thacóidh le go leor de na tionscadail a bhfuil tosaíocht tugtha ag an Rialtas seo dóibh agus atá á gcur chun cinn go práinneach, lena n-áirítear measúnuithe iascaigh, fuinneamh in-athnuaite eischósta, pleanáil spásúil mhuirí, limistéir mhuirí chosanta agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le hathrú aeráide. Tabharfaidh an RV Tom Crean ardán dúinn chun an fhianaise eolaíoch is fearr a bhailiú d'fhonn bonn eolais a chur faoi chinntí tábhachtacha ar bheartas iascaigh agus aigéin agus faoi na príomhdhúshláin chomhshaoil agus eacnamaíocha atá os ár gcomhair inniu.
Dúirt an tAire freisin
“Tá an t-árthach ainmnithe i ndiaidh Tom Crean, fear a chuimsigh an stair bhródúil a bhaineann le taiscéalaíocht dhomhanda. Tá an-áthas orm go bhfuil daoine muinteartha a theaghlaigh anseo inniu. Agus an t-árthach seo á ainmniú dó, déanann sé ceiliúradh ar shaol agus ar éachtaí Tom Crean agus sílim go mbeadh sé féin sásta go mbeadh a ainm bainteach leis an árthach seo, agus níos tábhachtaí fós, leis an obair a bheidh ar bun aige. Cuirfidh an RV Tom Crean teicneolaíocht cheannródaíoch ar fáil d'eolaithe chun staidéar a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe acmhainn mhuirí luachmhar na hÉireann agus chun tacú léi. Beidh ról tábhachtach, spreagúil agus luachmhar aige do na glúine atá le teacht agus muid ag iarraidh ár dtuiscint eolaíochta ar ár n-aigéan a fheabhsú”.
Tagann ant-árthach taighde mara nua seo in ionad an RV Celtic Voyager, a seoladh i 1987 mar an chéad árthach taighde saintógtha in Éirinn, atá díchoimisiúnaithe anois. Ba ionann costas tógála agus coimisiúnaithe an RV Tom Crean agus €25 milliún. Árthach tostach atá ann, atá in ann oibriú ar fud Limistéar Eisiach Eacnamaíochta na hÉireann (EEZ). Beidh sé ar muir ar feadh 300 lá oibríochta gach bliain agus beidh 3000 lá eolaithe in aghaidh na bliana i gceist le raon na suirbhéanna. Mairfidh gach suirbhé suas le 21 lá agus tá an t-árthach deartha chun oibriú i ndálaí farraige garbh an Atlantaigh.
Cuimsíonn dearadh na loinge na teicneolaíochtaí cruthaithe is déanaí chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sí chomh héifeachtúil agus is féidir, le hídiú breosla laghdaithe agus nósanna imeacht oibríochta a laghdóidh tionchar comhshaoil agus lorg carbóin an árthaigh. Tá gach eolas faoin RV Tom Crean ar fáil ar láithreán gréasáin Fhoras na Mara anseo.
Ceannscríbhinn:
Ag seoladh RV Tom Crean i nDaingean Uí Chúis
Ó Chlé:
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, Lachlann Scharf, 13, ó Dhún na nGall, agus Kate Heneghan, 14, ó Chiarraí agus an tAire Oideachais, Norma Foley TD
Seachadadh an t-árthach taighde mara ilfheidhmeach nua RV Tom Crean i mí Iúil 2022 agus úsáidfidh Foras na Mara agus gníomhaireachtaí agus ollscoileanna Stáit eile é chun taighde iascaigh, taighde aigéaneolaíochta agus comhshaoil, suirbhéanna léarscáilithe ar ghrinneall na farraige a dhéanamh; chomh maith le baoithe aimsire, bonneagar breathnóireachta agus Feithiclí Cianoibrithe a chothabháil agus a úsáid. Cuirfidh an RV Tom Crean ar chumas Fhoras na Mara leanúint ar aghaidh ag stiúradh agus ag tacú le suirbhéanna eolaíochta ardchaighdeáin a chuireann le seasamh na hÉireann mar cheannaire san eolaíocht mhuirí. Árthach nua-aimseartha, ilchuspóireach, tostach is ea an t-árthach taighde (a dearadh chun critéir dhiana chaighdeán torainn CITM 209 a chomhlíonadh le haghaidh taighde iascaigh), atá in ann oibriú i Limistéar Eisiach Eacnamaíochta na hÉireann (EEZ). Is féidir leis an Tom Crean dul chun farraige ar feadh 21 lá ar a laghad as a chéile agus tá sé deartha chun oibriú faoi dhálaí farraige garbh.
Forbhreathnú Sonraíochta | an Árthaigh |
Sonraíocht an Árthaigh | Cumhacht |
Fad Foriomlán: 52.8 m | Giniúint Cumhachta: 2 x 1350kw 1 x 400kw |
Fad PP 48m | Príomh-mhótar Tiomána 2000 kw |
Bíoma 14m | Ceartaitheoir Bogha 780 kw |
Tarraingt 5.2M | Ceartaitheoir Poll Deiridh 400 kw |
Seasmhacht | Eile |
21 Lá | Suíomh Diminiciúil DP1 |
8000 muirmhíle | Toilleadh do 3 x Coimeádán 20 troigh |