Coiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice agus an tUasal Tom Arnold a cheapadh mar Thoscaire Speisialta an Rialtais um Chórais Bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Coiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM), Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Gnóthaí Eachtracha (an RGE), Simon Coveney, T.D., an chéad chéim inniu sna príomh-mholtaí a chur i bhfeidhm a rinneadh i dTuarascáil Thascfhoireann Náisiúnta Thuath na hAfraice (NTTRA) i ndiaidh gur bunaíodh Coiste Forbartha Tuaithe na hÉireann-na hAfraice (IARDC).
Beidh an IARDC freagrach as a chinntiú go gcuirtear na moltaí i dTuarascáil an NTTRA i bhfeidhm, go mbítear cuntasach astu agus go soláthraítear acmhainní dóibh agus lorgóidh siad chun an comhordú a dhéantar ar an méid a chuireann Éire faoi láthair le geilleagar talmhaíochta agus tuaithe na hAfraice a neartú. Beidh ionadaithe ón dá Roinn chomh maith leis na Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha, an earnáil phríobháideach, an saol acadúil agus pobal na hAfraice in Éirinn san IARDC.
Dúirt an tAire McConalogue, “Cuirim fáilte roimh Thuarascáil Thascfhoireann Náisiúnta Thuath na hAfraice. Cuirfear na moltaí sa tuarascáil freagairt chomhtháiteach náisiúnta ar fáil a shaothraíonn cumas agus saineolas na bpáirtithe leasmhara go léir laistigh d’earnáil agraibhia na hÉireann sa chomhpháirtíocht a bheidh aige amach anseo leis an Afraic.
“Is í an talmhaíocht bunchloch na slándála bia agus na slite maireachtála tuaithe. A bhuíochas leis an tuarascáil seo, beidh Éire ábalta rannchuidiú níos éifeachtaí a dhéanamh le córais bhia inbhuanaithe a fhorbairt san Afraic atá ríthábhachtach chun ocras a laghdú agus feabhas a chur ar chothú agus ar an tsláinte. Is tábhachtach go gcuirfidh sé creat ar fáil freisin le haghaidh naisc níos láidre le gnó talmhaíochta idir Éirinn agus an Afraic, díriú san áireamh ar thacú le fiontraithe mná.”
An tUasal Tom Arnold a cheapadh mar Thoscaire Speisialta um Chórais Bhia
D’fhógair an bheirt Airí inniu freisin gur ceapadh an tUasal Tom Arnold mar Thoscaire Speisialta Rialtas na hÉireann um Chórais Bhia.
Anuas ar a ról mar thoscaire speisialta, is ball é an tUasal Arnold freisin de Ghrúpa Seaimpíní Chruinniú Mullaigh Chóras Bia na NA agus cheap an Coimisiún Eorpach é le déanaí chun cathaoirleacht a dhéanamh ar Shainghrúpa nua Ardleibhéil (HLEG) arb é a shainordú measúnú a dhéanamh ar riachtanais, roghanna, tionchair agus cur chuige féideartha le haghaidh Ardán Idirnáisiúnta le haghaidh Eolaíocht Córais Bhia (IPFSS).
D’fhóin an tUasal Arnold mar Chathaoirleach Thascfhórsa Thuath na hAfraice de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus mar Chathaoirleach Thascfhoireann Náisiúnta na hÉireann um Thuath na hAfraice freisin.
Ag labhairt dó maidir le ceapadh an Uasail Arnold, dúirt an tAire Coveney, “Tá gliondar croí orm a fhógairt gur ceapadh Tom mar Thoscaire Speisialta an Rialtais um Córais Bhia. Ghlac sé le ról ríthábhachtach le blianta beaga anuas maidir le smaointeoireacht agus tionscnaimh Chórais Bhia in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon.
Beidh an t-eolas forleathan atá ag Tom ar bheartas bia agus talmhaíochta agus an tuiscint atá aige ar chomhthéacs na hAfraice, agus an taithí as cuimse atá aige sárluachmhar. Tá súil iomlán agam leis go gcabhróidh an pháirt a ghlacfaidh Éire sa Chruinniú Mullaigh, agus an ról a bheidh ag Tom ann, linn chun eispéiris agus uaillmhianta na hÉireann maidir le córais bhia a roinnt agus a chur chun cinn - nuálaíocht agraibhia, sábháilteacht bhia, cothú, feirmeoireacht inbhuanaithe agus táirgeadh bia, agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha san áireamh.”
Is é an ról a bheidh ag an Uasal Arnold mar Thoscaire Speisialta chun suíomh agus tosaíochtaí beartais na hÉireann a chur in iúl sa tréimhse a fhad le, agus i rith Chruinniú Mullaigh Córais Bhia na NA in 2021. Déanfaidh sé idirchaidreamh freisin le réimse fairsing príomhghníomhairí agus páirtithe leasmhara laistigh den líonra córais bhia domhanda, ar mhaithe leis an tacaíocht a sholáthraíonn Éire do chórais bhia inbhuanaithe agus conas a chuireann Éire na córais siúd chun cinn.
Nótaí d’Eagarthóirí:
• D’fhoilsigh Tascfhórsa Thuath na hAfraice Afraic (TFRA) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a thuarascáil i Márta 2019, ina leagtar amach clár uaillmhianach agus daingean don Afraic-an Eoraip le haghaidh chlaochlú na tuaithe. Lorgaíonn an clár seo leis an gcomhoibriú laistigh de, agus idir Ballstáit an AE agus tíortha na hAfraice a threisiú, agus ceadaíodh an clár ina dhiaidh sin ag comhdháil airí an Aontais Afracaigh-an Aontais Eorpaigh sa Róimh i Meitheamh ní ba dhéanaí an bhliain sin.
• Mar fhreagairt do thuarascáil an TFRA, choimisiúnaigh Éire a Tascfhoireann Náisiúnta Thuath na hAfraice (NTTRA) féin. Bronnadh sainordú ar an bhfoireann seo tuarascáil a ullmhú ar rannchuidiú féideartha na hÉireann le hobair an TFRA agus é a chur faoi bhráid an Aire Gnóthaí Eachtracha (an RGE) agus an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, (an RTBM) go ndéanfar breithniú air agus go rachfar i ngníomh ina leith.
• Leagtar amach i dtuarascáil an NTTRA (atá ar fáil anseo ) creat nua chun feabhas agus barr feabhais a chur ar an gcomhordú a dhéantar ar an méid atá á chur faoi láthair ag Éirinn le geilleagar talmhaíochta agus tuaithe na hAfraice a bhunathrú trí shaineolas Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, na hearnála príobháidí, na sochaí sibhialta, an tsaoil acadúil agus Dhiaspóra na hAfraice a shaothrú.
• Tionólfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe (UNSG), António Guterres, Cruinniú Mullaigh Córais Bhia in 2021 mar chuid den Deich mBliana Gníomhaíochta chun na SFIanna a bhaint amach faoin mbliain 2030. Trí chur d’aon turas le hiarrachtaí agus imeachtaí eile atá ar bun, seolfaidh an Cruinniú Mullaigh gníomhartha, réitigh, comhpháirtíochtaí agus straitéisí uaillmhianacha nua chun dul chun cinn a dhéanamh ar gach ceann de na 17 SFI, a mbraitheann gach ceann díobh go pointe áirithe ar chórais bhia níos sláintiúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime.
• Cuardóidh an Cruinniú Mullaigh sinéirgí idir na tionscnaimh agus na comhaontais iolracha réigiúnacha agus náisiúnta atá ann cheana féin nó atá á gcruthú chun tacú le córais bia neamh-inbhuanaithe a bhunathrú. Bainfidh an Cruinniú Mullaigh leas freisin as fianaise agus eolas ó gach ceann de na foinsí seo chun eolas a chur ar fáil do smaointe agus moltaí domhanda, agus é seo a roinnt le páirtithe leasmhara timpeall an domhain ina dhiaidh sin.
• Cuirfidh an Cruinniú Mullaigh Córais Bhia an deis ar fáil d’Éirinn chun ceannaireacht a léiriú, i dtaobh a beartais intíre maidir le córais bhia inbhuanaithe agus maidir le smaointeoireacht faoi chórais bhia a chomhcheangal isteach ina beartas eachtrach níos fairsinge, comhoibriú forbartha ina measc.
CRÍOCH