Comhairliúcháin phoiblí ar dhréachtchlár agus straitéis foraoiseachta na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Spreagann an tAire Stáit Pippa Hackett páirtithe leasmhara foraoiseachta agus an pobal páirt a ghlacadh in dhá chomhairliúchán thábhachtacha foraoiseachta a osclaíodh inniu. Tá an chéad chomhairliúchán ar an Straitéis Náisiúnta Foraoiseachta (2023-2030). Tá an dara ceann ar an gcéad Chlár Foraoiseachta eile agus áirítear leis Tuarascáil ghaolmhar na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí ar an Ráiteas Tionchair Natura. Beidh an dá chomhairliúchán ar oscailt ar feadh sé seachtaine.
Tá sonraí faoi conas páirt a ghlacadh ar fáil anseo: Public consultation on forestry.
Dúirt an tAire Hackett,
“Teastaíonn dearcthaí gach duine uainn ar an Strategy agus is deis iontach é seo do dhaoine chun todhchaí na foraoiseachta in Éirinn a mhúnlú. Teastaíonn níos mó crann, foraois níos fairsinge agus níos mó táirgí adhmaid ón tromlach mór dínn. Soláthróidh clár nua foraoiseachta, atá buntacaithe ag straitéis nua foraoise, na hathruithe a theastaíonn uainn.”
Cuirtear an dá chomhairliúchán ar siúl agus go leor den phobal ag tabhairt aghaidhe ar bheartas foraoise in Éirinn ar fud 2022; áirítear leo seo suirbhé ar mheonta an phobail, imeacht pléghrúpa de stíl tionól saoránach, suirbhé ar líne a fuair breis agus 3,000 freagairt, plé déthaobhach le páirtithe leasmhara an tionscail, agus staidéar bunaithe ar an bpobal agus an óige. Bunaithe ar an aiseolas seo, ghlac Éire an mhí seo caite – den chéad uair riamh – le Fís Chomhroinnte Náisiúnta do Chrainn, Coillte agus Foraois go dtí 2050. Fís uaillmhianach í a thacaíonn le foraois ilfheidhmeach agus éagsúil a fhairsingiú, tairbhí iolracha a sholáthar don aeráid, an dúlra, cáilíocht an uisce, adhmad, daoine, an geilleagar agus forbairt tuaithe.
Liosta gníomhartha agus beart atá sa Chlár Foraoiseachta leis na huaillmhianta a leagtar amach i bhFís Náisiúnta Chomhroinnte na hÉireann do Chrainn, Coillte agus Foraois go dtí 2050. Beidh an Clár Foraoiseachta ar siúl ó 2023 go dtí 2027 agus is é a bheidh sa phríomh-mheicníocht don Straitéis Foraoiseachta idir an t-am i láthair agus an gearrthéarma.
Tar éis €12 mhilliún sa bhreis a fháil i mBuiséad 2023 don Fhoraoiseacht, a mhéadaigh an buiséad iomlán aníos go dtí €112 milliún, tá plé mionsonraithe á dhéanamh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi láthair leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le haontú ar rátaí deontais agus préimhe don Chlár nua chun na leibhéil riachtanacha de chur a dhreasú d’Éirinn chun a spriocanna foraoisithe a bhaint. Tá súil leis go mbeidh siad in ann na sonraí seo a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.
Tá sraith ocht n-idirghabháil éagsúla sa Chlár Foraoiseachta 2023-2027:
1) Cruthú Foraoise
2) Agrafhoraoiseacht
3) Infheistíochtaí Bonneagair agus Teicneolaíochta
4) Bainistíocht Inbhuanaithe Foraois
5) Scileanna a fhorbairt agus an Earnáil Foraoise a chumasú le haghaidh Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoise
6) Foraois Oscailte: Foraois Shóisialta, Chultúir agus Oidhreachta
7) Athfhoraoisiú atá Seasmhach ó Thaobh na hAeráide
8) Athbhunú
Tá an Straitéis Foraoise (2023-2030) ceaptha creat uileghabhálach a sholáthar ina sainaithnítear na gníomhartha a theastaíonn chun an t-athrú a chur i bhfeidhm a theastaíonn ó fhoraois na hÉireann.