Comhairliúchán Poiblí ar Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán poiblí dhá mhí seolta ag an Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan T.D., inniu (Dé hAoine, an 30 Aibreán 2021) maidir leis an athbhreithniú lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna.
Is é an aidhm atá leis an athbhreithniú lárthéarma measúnú ginearálta a sholáthar ar staid reatha na Straitéise, céard is féidir a chur i gcrích as seo go ceann cúig bliana, agus, más gá, athruithe ar na gníomhartha atá sonraithe sa Straitéis a mholadh chun an Straitéis a ailíniú lena spriocanna foriomlána agus leis an gcomhthéacs reatha.
Tá doiciméad an athbhreithnithe lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna ullmhaithe i ndiaidh comhairliúcháin le Grúpa Forfheidhmithe na Straitéise Tailte Móna (ar a bhfuil ionadaithe ó Ranna Rialtais agus comhlachtaí Stáit ábhartha) agus leis an gComhairle Tailte Móna (ar a bhfuil eagraíochtaí ábhartha páirtithe leasmhara). Moltar san athbhreithniú lárthéarma go ndéanfar na gníomhartha atá sonraithe sa Straitéis Náisiúnta Tailte Móna a nuashonrú agus a áireamh i bPlean Forfheidhmithe nua (san áireamh i ndoiciméad an athbhreithnithe lárthéarma), ina ndírítear ar ghníomhartha atá fós le cur i gcrích a bheachtú agus tús áite a thabhairt do chuspóirí intomhaiste, indéanta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire,
“Creidim go gcabhróidh an Plean Forfheidhmithe le héifeachtúlacht na Straitéise a mhéadú chun a chuspóirí a chomhlíonadh trí ghníomhartha tosaíochta a shonrú atá le cur i gcrích as seo go ceann cúig bliana. Tá sé beartaithe gur cur chuige pragmatach agus praiticiúil a bheidh sa Phlean Forfheidhmithe a dhíreoidh ar an méid is féidir a chur i gcrích san amfráma sin, a dhéanfaidh cur síos ar na nithe ba cheart tús áite a thabhairt dóibh, agus céard is féidir a thomhas agus a thuairisciú go héifeachtach de réir amlínte chun gníomhartha a thosú/a chríochnú.”
Is féidir cóip chrua den doiciméad a fháil trí iarratas a sheoladh chuig NPSreview@housing.gov.ie nó nóta i scríbhinn a sheoladh chuig Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna, Roinn na gCúrsaí Tailte Móna agus Ainmniú Talún, An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, 90 Sráid an Rí Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7 D07 N7 CV. Tá fógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí le fáil in The Irish Times, Seachtain, The Irish Farmers Journal agus nuachtáin réigiúnacha agus áitiúla éagsúla. Tá an doiciméad ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Glacfar le haighneachtaí maidir leis an athbhreithniú lárthéarma ar an Straitéis Náisiúnta Tailte Móna trí ríomhphost nó tríd an ngnáthphost chuig na seoltaí seo a leanas:
Ríomhphost: NPSreview@housing.gov.ie
Post: Athbhreithniú Lárthéarma na Straitéise Náisiúnta Tailte Móna,
Roinn na gCúrsaí Tailte Móna agus Ainmniú Talún,
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,
90 Sráid an Rí Thuaidh,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7 D07 N7 CV.
Is é an spriocdháta atá luaite le haighneachtaí a fháil 5.30 pm, Dé Céadaoin, an 30 Meitheamh 2021.
Foilseofar gach aighneacht a fhaightear ar líne, faoi réir na reachtaíochta a bhaineann le Saoráil Faisnéise, Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, agus cosaint sonraí.
Críoch