Comhairliúchán poiblí faoi Chlár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití á sheoladh ag an Aire O’Brien agus ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D. agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil tús inniu le comhairliúchán poiblí i ndáil leis an gceathrú athbhreithniú ar Chlár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití.
Le Clár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití, tugtar éifeacht do riachtanais na Treorach um Níotráití in Éirinn. Tá bearta faoi leith i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2017 (I.R. Uimh. 605 de 2017), dá dtagraítear mar na Rialacháin Níotráití, chun uisce dromchla agus screamhuisce a chosaint ó thruailliú cothaitheach a thagann ó fhoinsí talmhaíochta. Rachaidh na rialacháin in éag ag deireadh 2021 agus caithfear Clár Gníomhaíochta nua maidir le Níotráití a fhoilsiú ag tús 2022.
Dúirt an tAire O’Brien agus é ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí seo,
“Is tosaíocht náisiúnta é cáilíocht an uisce a chosaint agus a chaomhnú agus tá ról tábhachtach ag Chlár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití chun cabhrú linn an cuspóir sin a bhaint amach. Tugann an t-athbhreithniú seo ar an gClár deis dúinn a chinntiú go bhfuil an cuspóir sin á bhaint amach aige i gcomhthráth le cuspóirí bithéagsúlachta agus gníomhaithe ar son na haeráide ar an mbonn is éifeachtaí agus is féidir.”
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is céim thábhachtach é an t-athbhreithniú seo in ullmhúcháin na rialacháin a bheidh mar bhonn agus mar thaca ar an gcúigiú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití a leanfaidh i bhfeidhm go dtí 2025. Táim ag súil le cloisteáil ó raon leathan páirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairliúcháin thábhachtaigh seo, a chabhróidh linn díriú ar earnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe a fhorbairt.”
Is féidir an páipéar comhairliúcháin a íoslódáil ó: https://www.housing.gov.ie/water/water-quality/nitrates/public-consultation-irelands-nitrates-action-programme-0
Is é an 15 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le freagairtí.
CRÍOCH