Comhairliúchán Poiblí ar an Dréacht-Phlean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh ar Dhréacht-Phlean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe 2030 (Plean).
Soláthraíonn an Plean straitéis maidir le forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe in Éirinn thar na deich mbliana atá romhainn agus forbraíodh é ag baint úsáide as cur chuige ‘córais bia’ de réir Fhís Bia 2030. Tá sé beartaithe go mbeidh comhpháirtíocht mhéadaitheach idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chun na ceithre cuspóirí uileghabhálacha a bhaint amach arna mbunú ag Treoirlínte Straitéiseacha an AE maidir le dobharshaothrú AE atá níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030.
Ar oscailt an chomhairliúcháin, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá earnáil an Dobharshaothraithe ina cuid lárnach de thionscal bia mara na hÉireann anois agus cuireann sí go mór le soláthar bia do mhargaí na hÉireann agus easpórtála. Soláthróidh an Plean seo treochlár chun ligean don earnáil a lánacmhainneacht a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe, agus ag an am céanna poist agus deiseanna nua a chruthú do ghnóthaí bia mara.”
Forbraíodh an Plean chun cur leis an bplean roimhe seo a bhí ar siúl ó 2015 go 2020 agus a bhfuil sé mar aidhm aige treoir maidir le forbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú an AE (2021 - 2030) a phríomhshruthú i bpleanáil earnála náisiúnta an dobharshaothraithe, mar bhonn eolais do na tosaíochtaí infheistíochta don dobharshaothrú i bhforbairt Clár nua Bia Mara na hÉireann. 2021-27 (CEMID), agus a chinntiú go bhfreagraíonn pleanáil straitéiseach d’earnáil an dobharshaothraithe in Éirinn don smaointeoireacht is déanaí ó thaobh láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí do dhobharshaothrú na hÉireann d’fhonn forbairt earnála inbhuanaithe agus réamhbhreathnaitheach.
Tá an Plean a ritheann suas go dtí 2030 bunaithe ar cheithre chuspóir straitéiseacha, lena n-áirítear Athléimneacht agus iomaíochas a thógáil, Páirt a ghlacadh san aistriú glas, Glacadh sóisialta agus faisnéis do thomhaltóirí a chinntiú, agus Eolas agus nuálaíocht a mhéadú, le líon suntasach gníomhaíochtaí faoi gach ceann acu.
Dúirt an tAire McConalogue freisin,
“Cuirfidh an fógra a rinne mé le déanaí maidir le Scéim Fáis Dobharshaothraithe Inbhuanaithe Brexit €20m spreagadh láithreach do ghnólachtaí dobharshaothraithe fás agus freastal ar an éileamh méadaitheach ar bhia mara na hÉireann. Mar sin féin, ní mór dúinn dearcadh níos fadtéarmaí a ghlacadh freisin ar conas is féidir le dobharshaothrú in Éirinn leanúint ar aghaidh ag forbairt go tionscal níos athléimní agus níos iomaíche, agus ag an am céanna a chinntiú go ndéantar ár gcóstaí agus ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint. Tá gníomhaíochtaí sa Dréacht-Phlean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe 2030 chun cur leis na haidhmeanna tábhachtacha seo.”
Tá an dréacht-phlean ar fáil ar gov.ie - gov.ie - Public consultation on the National Strategic Plan for Sustainable Aquaculture Development, 2030 (www.gov.ie) agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta agus ar an Measúnú Cuí a théann leis ar fáil go luath. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh chuig NSPA@agriculture.gov.ie . Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná sé seachtaine tar éis fhoilsiú an Mheasúnú Straitéiseach Timpeallachta agus an Mheasúnú Chuí a théann leis. Cuirfear spriocdháta sonrach in iúl ar gov.ie a luaithe a fhoilseofar an Measúnú Straitéiseach Comhshaoil agus na Measúnachtaí Cuí.
Faoin gComhbheartas Iascaigh, tá oibleagáid ar an gCoimisiún treoirlínte straitéiseacha neamhcheangailteacha de chuid an Aontais a bhunú maidir le comhthosaíochtaí agus comhspriocanna chun dobharshaothrú inbhuanaithe a fhorbairt. I mí na Bealtaine 2021, tháirg Coimisiún an AE sraith nua treoirlínte straitéiseacha do dhobharshaothrú AE níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030, lena n-áirítear na ceithre chuspóir straitéiseacha ar glacadh leo do Phlean Straitéiseach Náisiúnta na hÉireann um Fhorbairt Dobharshaothraithe.