Comhghairdeas déanta ag an Aire McEntee le 53 comhalta nua an Gharda Síochána ag mórshiúl cáilithe sa Teampall Mór
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
08 Iúil 2022
D’fhreastail an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, ar shearmanas cáilithe inniu sa Teampall Mór chun fáilte a chur roimh 53 comhalta nua-fhianaithe an Gharda Síochána agus comhghairdeas a dhéanamh leo.
Ceapfar comhaltaí nua an Gharda Síochána i Rannáin den Gharda Síochána ar fud na tíre.
Dúirt an tAire McEntee ag an searmanas fianaithe inniu:
Is ábhar áthais é go bhfuil grúpa nua Gardaí, atá láidir, éagsúil agus bríomhar, cáilithe inniu. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na comhaltaí is nuaí atá le dul leis na 300 Garda atá fianaithe cheana féin i mbliana.
Is bunchloch den daonlathas é an Garda Síochána. Lá i ndiaidh lae, tá muinín againn i gcomhaltaí an Gharda Síochána slándáil an Stáit a chinntiú, muintir na hÉireann a chosaint, agus a chinntiú go bhfuil muid in ann tabhairt faoin saol laethúil mar is gnách i dtír shíochánta. Le linn dóibh a gcuid oibre a dhéanamh, bíonn tacaíocht iomlán an Rialtais ag na Gardaí. Tá an buiséad a thugann an Rialtas seo do Choimisinéir na nGardaí fós ag ardú go dtí leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus tá breis is €2 billiún leithdháilte ar an eagraíocht don bhliain 2022, rud a chuireann ar ár gcumas comhaltaí agus foireann na nGardaí a earcú go leanúnach.
Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag obair ar fhorbairtí reachtaíochta chun cuidiú agus tacú leis an nGarda Síochána de réir mar a bheidh siad ag breathnú chun cinn ar an 100 bliain póilíneachta eile in Éirinn atá rompu.
As an 53 comhalta nua sa Gharda Síochána a thug fianú inniu, mná iad 13 acu agus is taobh amuigh den Stát a rugadh 8 acu, ó Shasana go dtí an Pholainn, an Iaráic, Oileán Mhuirís, chomh maith le tíortha eile.
Dúirt an tAire McEntee:
Is údar dóchais é go mór mór an lá seo a cheiliúradh leis na hearcaigh nua agus céad bliain an Gharda Síochána á cheiliúradh againn.
Is cúis áthais dom go bhfuil iarracht mhór an Choimisinéara Drew Harris agus eagraíocht an Gharda Síochána i gcoitinne maidir le héagsúlacht i measc comhaltaí a spreagadh le feiceáil. Tá sé ríthábhachtach go bhfeiceann gach uile dhuine sa tsochaí comhaltaí óna bpobail féin ar seirbhís sa Gharda Síochána. Léiríonn an éagsúlacht spéise a bhí i bhfeachtais earcaíochta a rinneadh le gairid go bhfuil gairm sa Gharda Síochána tarraingteach do go leor daoine - Maidir libhse go léir atá anseo inniu, tá súil agam gur gairm iontach, dhúshlánach agus shásúil a bheidh inti daoibh.
Beidh tú ag cuidiú agus ag cosaint daoine sna huaireanta is leochailí agus sna hamanna is deacra atá acu. Mar thír táimid faoi chomaoin agaibh as an tiomantas mór atá déanta agaibh don tseirbhís phoiblí as dul sa Gharda Síochána.
Go n-éirí an t-ádh libh le bhur ngairmeacha amach anseo – go raibh míle maith agaibh as an gcinneadh seo a dhéanamh, chun obair le pobail, chun iad a chosaint agus chun freastal orthu.”
Nótaí don Eagarthóir:
I gcomhréir le hAcht an Gharda Síochána 2005 (arna leasú), tá Coimisinéir na nGardaí freagrach as an nGarda Síochána a bhainistiú agus a riar. Áirítear leis seo freagracht a ghlacadh as imlonnú fhoireann an Gharda Síochána ar fud an Stáit