Comhráiteas ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le Rocal
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara le chéile chun forbairtí a tháinig chun cinn le déanaí maidir le Rocal a phlé.
Tá na hAirí go hiomlán ar an eolas maidir le hidirghníomhaíochtaí a tharla idir árthach iascaigh de chuid na hÉireann agus árthach patróil de chuid na hAlban le gairid. Tá teagmháil déanta ag Rialtas na hÉireann le hÚdaráis ábhartha na hAlban agus na RA.
Tá Rialtas na hÉireann ag féachaint leis na saincheisteanna a bhaineann leis seo a réiteach leis an rannpháirtíocht seo, rud a léiríonn an traidisiún iascaigh seanbhunaithe atá sa cheantar. Ag glacadh Comhaontú Comhair agus Trádála nua an AE-RA san áireamh d'fhéadfadh go mbeadh gá teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach chomh maith.
Tá na roghanna ar fad á meas ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, chomh maith lena n-oifigigh faoi seach, ar rannpháirtíocht bhreise maidir leis na saincheisteanna a bhaineann leis an gcás agus tá siad ag leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile agus aghaidh á dtabhairt acu ar na saincheisteanna seo.
Tá baol fós ann, agus an rannpháirtíocht seo ag leanúint ar aghaidh, go dtabharfadh údaráis rialaithe iascaigh na hAlban gníomh forfheidhmiúcháin i gcoinne árthaí de chuid na hÉireann atá ag feidhmiú faoi láthair sna huiscí timpeall Rocal.